skip to main content

Aodh Máirtín Ó Fearraigh ceaptha ina Bhainisteoir ag RTÉ RnaG

Tá Aodh Máirtín Ó Fearraigh ceaptha ina Bhainisteoir do Réigiún an Tuaiscirt ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.Is as Seascan Beag i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill d'Aodh Máirtín, agus tá sé ag obair le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga ó 2001.

Tá spéis agus saineolas faoi leith aige i gcúrsaí reatha, i gcúrsaí polaitíochta agus toghchánaíochta, agus taithí na mblianta aige ag obair ar fhoireann nuachta na seirbhíse. Tá an-spéis aige i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael chomh maith. Tá rólanna bainistíochta ag leibhéal contae, cúige agus náisiúnta aige sa Chumann le fiche bliain anuas agus tá súil aige a bheith in ann leas a bhaint as an taithí sin ina ról nua bainistíochta le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Aodh Máirtín Ó Fearraigh go raibh sé ag súil go mór leis an dúshlán nua."Tá mé ag súil go mór leis an dúshlán atá romham. Tá go leor blianta caite agam anois ag obair leis an fhoireann i nDoirí Beaga agus tá foireann an-díograiseach, ábalta agus cumasach ansin a chuireann seirbhís d’ard-chaighdeán ar fáil d’ár bpobal éisteachta. Tá athruithe móra tagtha ar RTÉ RnaG ó bunaíodh an stáisiún i 1972 agus tá muid ag freastal anois ar phobal mór fairsing Gaeilge in achan chearn den domhan, agus tá mé ag súil go mór gur féidir linn tógáil ar an obair sin agus an freastal is fearr gur féidir a dhéanamh ar an phobal éisteachta. Gabhaim buíochas speisialta le Damien Ó Dónaill as an tseirbhís luachmhar atá tugtha aige agus é i mbun an phoist seo le dhá bhliain anuas, go háirithe le linn na géarchéime sláinte."

Chuir An Ceannaire Gearóid Mac Donncha fáilte roimh an gceapachán."Tréaslaím a cheapachán le hAodh Máirtín Ó Fearraigh. Tá scil agus saineolas ar leith aige i gcúrsaí iriseoireachta, i gcúrsaí nuachta agus i gcúrsaí spóirt, agus cuirfidh sé go mór le coiste bainistíochta na seirbhíse. Guím gach rath air ina ról nua."Rachaidh Aodh Máirtín Ó Fearraigh i mbun dualgais mar Bhainisteoir Réigiún an Tuaiscirt Dé Luain 11 Meán Fómhair. Tagann sé i gcomharbacht ar Damien Ó Dónaill a bheas ag dul i mbun oibre anois mar Léiritheoir Sraithe don chlár Bhladhaire.