skip to main content

Pól Deeds ceaptha ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge

Tá Pól Deeds ceaptha ina Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais ar Fhoras na Gaeilge. Rachaidh sé i mbun a chuid cúraimí ag tús mhí Dheireadh Fómhair in oifigí Fhoras na Gaeilge i mBéal Feirste.

Is as Béal Feirste do Phól Deeds agus tá cónaí air in iarthar na cathrach lena chlann. D'fhreastail sé ar Scoil Mhuire na mBráithre Críostaí agus ar Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, ina dhiaidh sin. Ba ansin in 2000 a fuair sé céim onóracha sna Daonnachtaí, agus an Ghaeilge mar phríomhábhar, chomh maith le PhD sa Léann Éireannach in 2005. Ghnóthaigh sé Dioplóma sa Bhainistíocht agus Ceannasaíocht Straitéiseach amach i 2018.

Dúirt Pól Deeds, "Is tréimhse chinniúnach í seo i saol na Gaeilge. Tuigim a thábhachtaí atá Foras na Gaeilge mar eagraíocht chun plé leis na ceisteanna móra atá romhainn. Cuirim an-spéis sna hathruithe reachtaíochta ó thuaidh le déanaí agus, chomh maith leis sin, tá mé go mór ag iarraidh tionchar a imirt ar chúrsaí oideachais ar fud na tíre. Tá mé tógtha mar sin fá bheith ag obair le Foras na Gaeilge ag leibhéal sinsearach agus tá dóchas agam go mbeidh mé ábalta daoine a thabhairt le chéile chun na spriocanna atá leagtha síos dúinn a bhaint amach."

Tá an Dr. John Walsh ceaptha mar Chlárbhainiseoir: Pleanáil Chorparáideach Fhoras na Gaeilge. Beidh an Dr. Walsh freagrach as pleanáil chorparáideach agus gnó Fhoras na Gaeilge lena n-áireofar maoirseacht a dhéanamh ar ullmhú pleananna corparáideacha, tuairiscí a ullmhú ar fheidhmíocht Fhoras na Gaeilge agus maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar chlár taighde na heagraíochta.

Sula ndeachaigh sé mbun a chuid cúraimí le Foras na Gaeilge i mí Lúnasa, chaith sé tréimhse mar Ollamh Comhlach le Gaeilge i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr, Ollscoil na Gaillimhe. Ó 2010, tá taighde á dhéanamh aige faoi 'nuachainteoirí' mionteangacha, daoine nár tógadh leis na teangacha sin ach a labhraíonn go líofa agus go rialta iad.

Ag tréaslú le Pól agus le John as a gceapachán, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, "Táim ag súil go mór le bheith ag obair le beirt a raibh an oiread sin taithí agus saineolais acu i réimsí éagsúla a bhaineann le hobair Fhoras na Gaeilge. Is beirt iad a bhfuil a saol gairmiúil go dtí seo caite acu ag plé le gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge, gur éirigh thar barr leo sna réimsí sin, agus go mbeidh deis anois acu araon leas a bhaint as an taithí sin i bhForas na Gaeilge".