skip to main content

Should 'Come out ye Black and Tans be binned?

Aistear an Amhráin starting tonight at 7pm on RTÉ ONE examines some of Ireland's most popular songs, starting with 'Come Out Ye Black and Tans', its roots and recent resurgence in popularity.

From the throngs of people who showed up to see The Wolfe Tones at Electric Picnic, it's becomingly increasingly clear that some songs have a second and third wave of popularity, despite and maybe because of the controversy they cause.

It's a song that's never been far from the headlines. In March 2019 The Wolfe Tones hit the number one spot in Ireland and the UK with Come Out Ye Black and Tans after Steve Coogan famously launched into a rendition of the republican ballad on the BBC's This Time With Alan Partridge through his Sligo farmer Martin Brennan. Months later in January 2020, plans to commemorate the Royal Irish Constabulary (RIC) were shelved or 'deferred’ by the Irish government as part of its "Decade of Commemoration" resulting in another popular resurgence. Bypassing Stormzy and Dua Lipa, Come Out Ye Black & Tans was once again at the top of the iTunes charts.

Tá siad cloiste agat ag cóisirí, ar an raidió, ar an teilifís agus sna scannáin. Scaip leaganacha iomadúla de chuid acu ar fud an domhain agus tá a leagan amháin féin ag gach duine a thaitníonn go mór leo. Ach an bhfuil na scéalta taobh thiar de roinnt de na hamhráin is mó tóir in Éirinn ar eolas agat? Sa tsraith nua ceithre chlár seo, Aistear an Amhráin, tráchtfar ar stair chultúir agus shóisialta, an mhiotaseolaíocht, agus na scéalta aisteacha a bhaineann leis na hamhráin sin i measc na ndaoine sin a bhfuil an-dúil acu san amhránaíocht agus i measc na ndaoine sin a chuir na hamhráin sin chun cinn. Amhrán Sheáin Uí Riada, Mná na hÉireann, amhrán a mhairfidh go deo; N17, amhrán brónach mór le rá na Sawdoctors faoin imirce; bailéad gáirsiúil na Dubliners Monto, a bhfuil an-gean air; agus cuirfidh muid tús leis an tsraith le plé ar an amhrán cáiliúil reibiliúnach conspóideach corraitheach Come Out Ye Black and Tans.

We look at how it links the Irish experience with other countries struggles against the British Empire. The packed out 3Olympia at a Wolfe Tones gig this year that features in our programme, makes it clear that Come Out Ye Black and Tans, has become an integral part of rebel music culture, and that they as a band are an integral part of its success, having first released it over fifty years ago.

Amhrán conspóideach is ea é a mhúsclaíonn fearg agus a chothaíonn díospóireacht, tagann sé idir daoine agus tugann sé daoine de gach aois le chéile, taitníodh sé leat nó ná taitníodh, ní féidir leat neamhaird a thabhairt air. Le cúnamh ó cheoltóirí, staraithe agus tráchtairí sóisialta, rianaíonn muid bunús an bhailéid siar níos mó ná dhá chéad bliain. Pléifidh muid an tábhacht atá leis an amhrán ar bhonn sóisialta agus ó thaobh na staire de tríd an achrann leanúnach ó Chogadh na Saoirse i mBaile Átha Cliath, a léiríodh tríd an olc a bhí ar Dominic Behan le Saorstát na hÉireann, agus tríd an mborradh a bhí faoi bhailéid sna seascaidí agus na trioblóidí i dTuaisceart Éireann sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Breathnaíonn muid ar an gcaoi a gcothaíonn an t-amhrán nasc idir eispéireas na hÉireann agus achrann tíortha eile in aghaidh Impireacht na Breataine.

Is léir ón 3Olympia a bhí lán go béal ag gig Wolfe Tones i mbliana, a mbeidh míreanna de le feiceáil ar an gclár, gur cuid lárnach anois é an t-amhrán Come Out Ye Black and Tans, i gcultúr an cheoil reibiliúnaigh agus go raibh an banna féin lárnach sa rath a bhí ar an amhrán ó tharla gurb iadsan a d’eisigh an t-amhrán ar dtús níos mó ná caoga bliain ó shin. Roinnfidh siad a gcuid tuairimí linn ar rath an amhráin agus ar na rudaí atá curtha ina leith thar na blianta i dtaobh a bheith ag spreagadh daoine an ghráin a bheith acu ar an mBreatain agus a bheith ag ceiliúradh foréigean poblachtánach.

"The bloody Wolfe Tones, if it wasn’t for them there be no troubles in the North of Ireland, I mean it's ridiculous" - Brian Warfield (The Wolfe Tones)

Aistear an Amhráin, anocht, Dé Máirt, 7pm ar RTÉ ONE