Presenter Emer Mhic an Fhailí has a passion for property and interior design. In Bog Amach she takes six couples and families to spectacular locations across the country as they search for the perfect place to settle.
Each week we show our house-hunters three potential properties in their chosen area. As theyview houses, some ready to move into, others in need of a little more work, they get a sense ofjust how far their money can go. The search will throw up some unexpected challenges and some pleasant surprises.
Tabharfaidh an láithreoir nua Emer Mhic an Fhailí seisear clann chuig áiteanna éagsúlatarraingteacha thíos faoin tír. Labhair muid le Emer faoin tsraith agus a spéis féin san ábhar

Cad a spreag tú le spéis a léiriú sa chlár seo, Bog Amach?
Ó bhí mé i mo ghirseach óg, bhí mé gafa le cúrsaí dearaidh. Bhí na leabhair ón tsraith, Milly Molly Mandy agam agus chaith mé lá i ndiaidh lae ag déanamh anailís dian ar a teach beag ceann tí, a fál cuaillí, agus a seomra leapa. Ag amharc siar ar na tithe a bhí againn agus an teach ina bhfuil muid faoi láthair, chuaigh a tionchar i bhfeidhm go mór orm! Bhí mo mháthair féin, Caitlín, an-ealaíonta agus cruthaitheach í féin, agus chuirfeadh sí ball ar mo sheomra leapa gach bliain agus mé sa Ghaeltacht. Is fiosraí mé, chomh maith, ar ndóighe, agus is maith liom feiceáil cad é a dhéantar taobh thiar de bhrící an tí.
An bhféadfá cúlra a thabhairt don lucht féachana maidir leat féin?
Is múinteoir mé atá ag obair le beagnach 30 bliain. Is Béal Feirsteach go smior mé agus rugadh agus tógadh le Gaeilge mé. Tá an t-ádh orm go raibh mo thuismitheoirí ar na céad bhunaitheoirí ar an Ghaeltacht uirbeach ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste, agus d'fhreastail mé ar an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge sa chathair, a bhuíochas leo agus na díograiseoirí eile nach iad. Tá mé pósta le Seán agus tá beirt pháiste, Niamh agus Joe againn. Thóg muid na páistí le Gaeilge, agus is teanga labhartha an tí í. Rugadh iníon do m'iníon féin anuraidh, Fiadh, agus cheana féin, tá mé ag pleanáil cad é an chuma a bheas ar a seomra...má ligtear dom mo rud féin a dhéanamh! Tá cúpla rud an-tábhachtach dom - an grá, an cineáltas agus gin!! Beatha don Ghaeilge a dúirt m'athair, Joe, le linn a shaoil, agus déanaimid ár ndícheall bheith tiomanta dá fhís.
Cad a d'fhoghlaim tú ón tsraith?
Shíl mé i gcónaí go bhfeicfeadh daoine na féidearthachtaí a bhí le teach má bhí droch dhóigh air, ach is léir go dtéann cuma mhaith nó neodrach i bhfeidhm ar an cheannaitheoir. Tá sé an-tábhachtach cluas na héisteachta a thabhairt - má tá ábhar nó dhó nach bhfuil ar an mhianliosta, is deacair an ceannaitheoir a shásamh – agus ceart acu! Tá an nath, Iocation, location, location fíor - ba mhinic a thit duine i ngrá leis an teach ach seans nach mbeadh sé gar go leor don bhaile nó don tuath. Thar aon ní eile, chuaigh réimse agus éagsúlacht na dtithe fud fad na tíre i bhfeidhm go mór orm.
An raibh aon ní a chur iontas ort faoin tsraith?
Go pearsanta, chuir mé iontas orm féin faoin stíl tí - shíl mé go gcuirfinn fúm (faoi dheireadh) i dteachín bheag sheanfhaiseanta...go dtí go bhfaca muid tithe nua-aimseartha nó go fiú seantithe ar cuireadh leo go nua-aimseartha ar fad. Ballaí gloine, íosfhoirmeacha, ísliú patrúin (nó in amanna patrúin mhóra) agus adhmaid - cuid mhór adhmad as coill na hÉireann. Úsáid chliste d'éadach ach go háirithe bréidín lámhfhite Éireannach. Bhí dúil i gcónaí agam i línte agus siméadrach agus thit mé i ngrá leis an ealaín a n-eascraíonn as ciumhaiseanna eangacha. Ar an mhianliosta s'agamsa anois - cruach, cruach ghormaithe...an chéad uair eile b'fhéidir.
Maidir leis an chlár féin, bhí mé thar a bheith neirbhíseach - seasaim os comhair seomra ranga, ní léiritheoir mé! Rinne mé prácás de na línte arís agus arís eile ach ba speisialtóirí iad Clann Bog Amach a chaith liom go geanúil agus go foighneach agus mo cheol iad. Eispéaras iontach a bhí ann agus ba phléisiúir dom na daoine ó gach cearn den tír ar bhuail mé leo le linn ár n-aistir.
An mbeadh fonn ort féin bogadh amach anois, agus dá mbeadh, cén áit a rachfá?
Chuig an R257.
After living abroad young couple Críostóir and Úna are ready for newadventures back in Ireland. Can the show help them with their dream of settling down in Donegal? Bog Amach – I ndiaidh a bheith ina gcónaí thar lear, tá lánúin óg Críostóir agus Úna ar ais in Éirinn. An féidir linn cuidiú leo agus iad ag iarraidh socrú síos i nDún na nGall?
Bog Amach, ag tosú Dé Luain, 4 Meán Fómhair, 8pm ar RTÉ ONE