skip to main content

Iarratais oscailte do Ghradam don Leabhar Gaeilge is fearr

Gach bliain, tugtar aitheantas don leabhar Gaeilge is fearr ag na Gradaim Leabhar An Post le Gradam Fhoras na Gaeilge, An Post Irish Language Fiction Book Award.

Tugann an gradam seo deis do scríbhneoirí a bheith san iomaíocht lena chéile agus is deis é bualadh le chéile atá ag treabhadh i ngort na litríochta freisin. Is féidir cur isteach ar an gcatagóir seo ag na Gradaim Leabhar na Bliana as seo go dtí an 11 Meán Fómhair.

Caithfidh an leabhar a bheith foilsithe laistigh de bhliain na nGradam, ie idir 1 Samhain 2022 go dtí an 1 Samhain 2023.

Caithfidh an t-údár a bheith Éireannach, tré bhreith, saoránacht, nó cónaí orthu go fadtéarmach.

Caithfidh an leabhar a bheith ina bhunchóip, ie ní féidir leis a bheith ina athchló nó áistriúchán de leabhar atá foilsithe cheana.

Beidh an Dinnéar Ceiliúrtha agus an Searmanas Bronnta ar siúl san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath ar an 22 Samhain

Is féidir gach eolas a fháil faoin ngradam agus an fhoirm iarratais a líonadh isteach anseo.