Clár speisialta de chuid An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag cuimhniú ar an gceoltóir agus scríbhneoir, Maidhc Dainín Ó Sé a cailleadh 10 mbliana ó shin.
Roinn clann Mhaidhc, Caoimhín, Danny, agus Dáithí a chuimhní cinn ar a n-athair. Ina dteannta seo, bhí Pat Joe Ó Súilleabháin, Mossie Ó Conchúir, Eddie Hutch, Bríd Criomhthain agus Uinsean Ó Gormáin a roinn scéalta agus seanchas ar an bhfear a raibh cáil air mar gheall ar an gceol agus na scéalta seoigh ar fad a bhí aige, agus ar na leabhair a scríobh sé faoin imirce ach go háirithe.
Dúirt a mhac, Dáithí gur 'chreid sé sa cheart', ba chuma leis faoi chúlra, faoi chine nó aon rud eile ach chreid sé go raibh maith agus olc ann.
Bhí 'A Thigh ná Tit Orm' ar shiollabas na hArdteiste ar feadh blianta ach scríobh sé go leor, leor leabhar eile. Rinne Maidhc cur síos cuimsitheach ar shaol na himirce, glúin a d'imigh go Sasana agus go Meiriceá, ag cuartú oibre. D'fhás Maidhc aníos i dtraidisiún na scéalaíochta, i gCorca Dhuibhne, áit a raibh an traidisiún an-láidir ann. Thug athair Mhaidhc an oidhreacht seo ar aghaidh chuige agus rinne Maidhc amhlaidh lena chlann féin.
Éist anseo le clár speisialta de Chartlann Bhóthar na Léinsí agus Maidhc Dainín féin ag caint faoina chuid oibre ag tiomáint leoraí.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00