skip to main content

Cuan Ó Seireadáin ceaptha ina Eagraí Polaitíochta in RTÉ RnaG

Tá Cuan Ó Seireadáin ceaptha ina Eagraí Polaitíochta in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh sé ag dul i mbun dualgais i mí Mheán Fómhair.

Is as Ráth Fearnáin ó dhúchas do Chuan, agus tá cónaí air i mBaile Átha Cliath. Tógadh le Gaeilge é, agus chuaigh sé chun na hollscoile i gcathair Stuttgart sa Ghearmáin áit a ndearna sé staidéar ar an gceol.

Chaith sé roinnt blianta ag obair mar cheoltóir gairmiúil sa Ghearmáin sular fhill sé ar Éirinn sa bhliain 2014. Thosaigh sé ag obair le Conradh na Gaeilge ansin, agus bhí rólanna éagsúla aige san eagraíocht sin.

Tá suim faoi leith ag Cuan i gcúrsaí staire, agus tá sé ag feidhmiú mar Choimeádaí don Chonradh le sé bliana anuas.Is aoi rialta ar chláracha cúrsaí reatha ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é Cuan le blianta beaga anuas, agus bhí sé mar Chathaoirleach ar Raidió na Life le sé bliana anuas. Bíonn sé ag casadh ceoil le Ceolfhoireann RTÉ freisin RTÉ Concert Orchestra.

Tagann Cuan i gcomharbacht ar Eoin Ó Catháin.