Mar a bhíonn gach bliain, is tearmann naofa do na Gaeil é an Phicnic Leicreach. Tá imeachtaí éagsúla ar siúl le linn na féile chomh maith spás san ionad campála dóibh siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid ann.
Tá cúpla stáitsa ina mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh ann, sa Phuball Gaeilge i gceantar Mindfield, dár ndóigh, áit a mbeidh cainteanna, léachtaí, podchraoltaí beo agus ceol go moch maidin. Tá an puball á chur ar fáil le cabhair ó Fhoras na Gaeilge agus Raidió na Life.
Chomh maith le sin, beidh stáitse speisialta sa Chollchoil á reachtáil ag Conradh na Gaeilge. Ná cailligí Bláithín Mhic Cana agus Piaras Ó Lorcáin, beirt amhránaithe as Ard Mhacha Theas atá ag tabhairt fuinneamh nua don amhránaíocht traidisiúnta ina gceantar féin, oíche Aoine.
Oíche Dé Domhnaigh sa chollchoill, beidh The Len Collective, grúpa ceoil a bhfuil a gcuid fréamhacha sa cheol traidisiúnta ach a thugann leo uirlisí neamhghnácha agus brí nua don cheol.
Tá sceideal iomlán ón bPuball Gaeilge anseo ach ná déanaigí dearmad gur fiú agus gur féidir gach puball a bheith ina phuball Gaeilge ag an deireadh seachtaine!