Déanfar iniúchadh sa tsraith faisnéise seo ar shochaí iar-choimhlinte an Tuaiscirt, trí thaithí agus scríbhinní cruthaitheacha an ghrúpa Scríbhneoirí an tSléibhe, meitheal scríbhneoirí i mBéal Feirste a bunaíodh mar thacaíocht do mhuintir na háite.
I gclár na seachtaine seo, labhrann an láithreoir Conor Torbóid le Nuala Ní Scolláin, múinteoir ióga ó Bhéal Feirste a bhunaigh scoil ióga Gaeilge darbh ainm Ióga le Nuala.
Thosaigh sí ar a haistear scríbhneoireachta nuair a chuir sí tús le dialann mar cuid den teiripe a bhí sí ag déanamh, agus d'fhorbair sin i dtreo filíochta agus próis a thug í a fhad le Scríbhneoirí an tSléibhe. Seo léiriú de chuid Corcra Media do BBC Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.
In the new series Conor Torbóid explores intergenerational trauma in a post conflict society through the experiences and creative writings of Scríbhneoirí an tSléibhe, a Belfast-based creative writing group set up to tackle mental health problems faced by members of the community. This week’s programme features an interview with Nuala Ní Scolláin, a yoga teacher from Belfast. What began as diary inserts to accompany therapy Nuala was undertaking, developed into poetry and prose which led her to the creative writing group Scríbhneoirí an tSléibhe. Conor explores the gift of healing through writing.
Produced by Corcra Media for BBC Gaeilge and RTÉ Raidió na Gaeltachta, with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.
Dé Céadaoin 1.30 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.