skip to main content

Gearrliostaí Ghradaim Raidió IMRO fógartha

Fógraíodh gearrliostaí Ghradaim Raidió IMRO inniu, ceiliúradh bliantúil a dhéantar ar scoth na gclár raidió a chraoltar in Éirinn.

D'éirigh le cláracha raidió Gaeilge de chuid RTÉ 6 ainmniúchán a fháil thar dhá chatagóir, cláracha a léiríonn neart na gclár seo a chuimsíonn ábhar trom agus eadrom.

I measc na gcláracha atá ainmnithe, tá Barrscéalta ainmnithe don chlár ómóis cheoil a rinne siad do mhuintir an Chraoslaigh, agus tá coirm cheoil RnaG50 in Amharclann Ghaoth Dobhair ar an liosta freisin.

Is féidir leat éisteacht siar leis an gclár Snaoisín Bán anseo

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Sa rannóg Craoltóireacht le Gaeilge, tá An Saol Ó Dheas, clár a chlúdaíonn ábhar leathan ó Chúige Mumhan, an tsraith Dúshlán na Feirme a rinne Treasa Bhreathnach bunaithe ar chúrsaí feirmeoireachta in Éirinn sa lá atá inniu ann, an clár faisnéise faoi dhrugaí in Éirinn, Snaoisín Bán le Treasa Bhreathnach agus Cóilín Ó Neachtain agus Beo ar Éigean, clár comhaimseartha comhrá le Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn.