skip to main content

Amhrán Gaeilge ar albam nua le Hozier

Tá clú agus cáil ar Hozier as a chuid amhrán cumhachtach a thugann léargas dúinn ar ábhair atá ag dó na geirbe don chumadóir, in Éirinn agus níos faide i gcéin. Don chéad uair, tá amhán Gaeilge ar an albam nua-eisithe, Unreal Unearth.

Tá cuid mhór den amhrán 'De Selby (Part One)' i nGaeilge agus deir Hozier go raibh sé nádúrtha dó dul i ngleic leis an teanga arís mar go raibh seal fada caite aige in Éirinn 'fhad agus a bhí an t-albam á chur le chéile aige.

Téann Hozier i ngleic le hábhar domhain minic ina chuid cainte agus ina chuid ceoil mar sin, ní haon iontas é go dtugann sé aghaidh ar athrú aeráide agus le himpleachtaí an chóilíneachais ar Unreal Unearth freisin.

Tá amhrán eile, Butchered Tongue ar an albam a thugann aghaidh ar chúrsaí cultúrtha a bhaineann le hÉirinn agus tíortha eile a ndearnadh cóilíniú orthu agus an rian a fhágtar ar na daoine agus an tír dá réir.

Ag labhairt leis an Irish Times faoin nGaeilge atá ar an albam, labhair sé faoi shaibhreas na teanga, saibhreas nach bhfuil le fáil i dteangacha eile, dár leis.

Ar chúl an albaim, gabhann as cumadóir agus amhránaí as Cill Mhantáin buíochas le Darach Ó Séaghdha, údar agus podchraoltóir chomh maith lena leathbhádóirí ón bpodchraoladh Motherfoclóir, Peter Kavanagh agus Dr. Gearóidín Mc Evoy a thug lámh chúnta dó i mbun aistriúcháin.