skip to main content

Get to know 4 iconic Irish live music venues: Seisiún

Four iconic live music venues synonymous with Traditional and Folk music are opening their doors to musician Muireann Nic Amlaoibh showcasing the best and brightest of bands, musicians and singers who have proud associations with these much cherished family run venues. Labhair muid leis an láithreoir faoin gclár nua, Seisiún, ag tosú 1 Meán Fómhair ag 8.30pm ar RTÉ ONE.

Beidh aithne ag daoine ort ó do chuid ceoil féin agus dár ndóigh ó Folk on One, cad a spreag tú le tabhairt faoin gclár nua seo?

Is aoibhinn liom a bheith deilleáil le ceol agus le ceoltóirí i gcónaí, agus de bharr mo thaithí fhéin mar cheoltóir tá aithne agamsa ar na hionad cheoil seo agus tuigim cé chomh speisialta is atá siad. Is cairde iad muintir na tithe seo do cheoltóirí, tá siad mar chlann againn, tacaíonn siad linn, cothaíonn siad sinn tar éis aistear fada, tugann siad spás dúinn ár gceol a roinnt, agus tá an paisean céanna acu don gcultúr is don bpobal is atá againn fhéin. Murach iad, ní bheadh puinn ceoil le clos timpeall na tire, go háirithe in áiteanna tuaithe. Pribhléid is ea é ainm in airde a thabhairt dos na daoine seo a bhionn sa chúlra ach a bhíonn ag obair go dian ar bheagán íocaíochta go minic ach go bhfuil ríthbhachtach maidir le saol ceoil, cultúrtha agus pobail na tíre seo.

Muireann Nic Amhlaoibh agus Inni-K

Feiceann muid tú ag dul ó cheann ceann na tíre, ag tabhairt cuairte ar thithe ceoil, an raibh iontas maidir le haon cheann acu?

A rud a rith liom fé gach áit ná an fíor chaoin fáilte a bhí curtha romhainn agus an grá agus gean a bhí go soiléir le feiscint idir mhuintir an tí agus na ceoltóirí rialta a sheineann sna hionaid cheoil. Tá an chumarsáid agus an cheangail sin chomh haoibhinn. An meas a bhí ag gach duine ar a chéile.

Do rith an sean-fhocal "Ar scáth a chéile..." liom. Bhí na scéalta a bhí acu go léir chomh suimiúil sin go raibh sé deacair dom luí isteach ar an obair theilifíse uaireanta, mar go bhfuil gach rud feiscithe ag na daoine seo thar na mblianta, agus obair na gcapall curtha isteach acu ar na hionad ceoil a choimeád ar oscailt. Bhí scéal acu go léir.

Clare Sands in Connolly's

Ar thug tú faoi deara go raibh difríochtaí suntasacha sa cheol ó áit go háit?

Ó bhí go cinnte, go háirithe i nDún na nGall, áít a bhfuil stíl tradisiúnta réigiúnda láidir acu. Ábhar iontais dom ab ea an stair snagcheol atá i gceantar Tigh Champell agus an réimse mór cheoltóirí atá in áit a fhéachann chomh hiargúlta. Bhí Connolly's eisceachtúil sa tslí is go bhfuil an ionad á úsáid do gach sort rud fén spéir ó stáisiúin aifrinn go raves. Sheas The Cobblestone amach de bharr cé chomh stuama is atá siad mar lárionad cultúrtha i measc fhorbairt na cathrach agus an brú atá orthu an fód a sheasamh.

Tá cáil ar Chorca Dhuibhne, an áit a bhfuil tusa lonnaithe as an gceol agus an spiorad sa cheantar, an bhfuil tú den tuairim go bhfuil an traidisiún an cheoil slán in Éirinn, sa lá atá inniu ann?

Measaim go bhfuil, tá an ceol go smior ionainn ar fad agus do mhúinn an phaindéim dúinn go léir cé chomh riachtanach is atá an ceol agus na healaín dár meabharshláinte agus dar saoil soisialta. Ach tá sé fíordheacair fós a bheith mar cheoltóir gairmiúil, chun slí beatha a dhéanamh as, agus níos deacra fós b'fhéidir na hionad ceoil seo a rith agus a choimead sa tsiúl. Níl éinne á dhéanamh seo le bheith saibhir! Tá súil agam go raghaidh níos mó daoine go dtí'n a dtithe ceoil áitiúla tar éis dúinn aird a tharraingt ar roinnt acu.

Déan cur síos ar an gclár i dtrí fhocal, don té atá sa bhaile!

Pobal, Paisean agus Prionsabail!

The Saw Doctors, Mick Flannery, Stockton's Wing, Lisa Canny and The 4 of Us join us to celebrate the rich musical heritage of Campbells Tavern in Galway, The Cobblestone in Dublin, Connollys of Leap in West Cork and McGrory’s of Culdaff, Donegal.

At the heart of each venue are the driving forces who have kept the stage doors open in good times and in bad. Whether that’s hearing from Tom Mulligan in the Cobblestone about the iconic role this venue has played in showcasing new music talent or Willie Campbell recalling the famous names who started on the stage in Campbells of Headford. Sam McNicholl in Connollys of Leap and John Reynolds of McGrorys in Culdaff highlight the significance and importance of these isolated rural venues as cultural linchpins and social spaces that contribute so much to local communities and to regional music culture.

While retaining that local and relaxed character, family run venues such as McGrory’s, Connolly’s, Campbells and the Cobblestone have earned reputations for hosting live music that dwarf those of far larger, more prestigious and better resourced concert halls and theatres. And they do so independent of State supports and resources. Seisiún seeks to amplify and enhance a sense of belonging and pride of place rooted in these venues, their unique locations and their struggle for survival.

The series will be available to view on RTÉ One and the RTÉ Player from September 1st at 8.30pm 2023