skip to main content

Cleachtadh agus craic agus Féile Rós Thrá Lí

Labhair Dáithí Ó Sé le An Saol Ó Dheas, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi fhéile Rós Thrá Lí atá á chur i láthair aige le Kathryn Thomas.

Luaigh Ó Sé gur muintir Thrá Lí cnámh droma na féile seo agus nach bhfeiceann an lucht féachana ach cuid an-bheag den fhéile mar go bhfuil an oiread ar siúl nach bhfeictear ar an teilifís. Don chéad uair i mbliana, beidh comhláithreoir ag Dáithí, seanchara leis, Kathryn Thomas.

Dúirt sé go raibh roinnt daoine sásta agus roinnt eile míshásta leis an gcinneadh seo ach go raibh sí le bheith ann le cur leis an lucht féachana teilifíse agus go raibh sé deacair dul ina choinne sin.

Deir Dáithí go bhfuil éabhlóid tagtha ar na rósanna ach go háirithe na gairmeacha beatha agus an t-oideachas atá orthu ó thréimhse Gay Byrne i bhfad siar. Ag caint ar an gcomórtas, deir Ó Sé go mbíonn na moltóirí ag lorg rós a sheasann amach dóibh.

I measc na moltóirí, tá Nuala Carey a tháinig i gcomharbacht Mhary Kennedy a d'éirigh agus an ról i ndiaidh na mblianta, iar-rós Nicola Dunne agus Ollie Turner ó Galway Bay FM. Fógrófar Rós Thrá Lí 2023 anocht ag deireadh an chláir a thosóidh ag 9.35 ar RTÉ ONE.

Féach siar ar an gcéad oíche den chlár ar an seinnteoir anseo