skip to main content

Sceideal an Fhómhair TG4: Lán le spiorad agus cruthaitheacht

Sheol TG4 sceideal an fhómhair in Institiúid Náisiúnta na Scannán i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath agus cuid mhór de phearsana so-aitheanta an stáisiúin i láthair.

Ba bhliain faoi leith a bhí inti i mbliana ag an stáisiún Gaeilge teilifíse leis an aird a tharraing An Cailín Ciúin ar fud an domhain leis an ainmniúchán do ghradam Oscar i dtús na bliana agus leathnú á chur le seirbhís TG4 anois teacht an fhómhair le cainéal faoi leith do leanaí, Cúla4, á sheoladh chomh maith le cainéal TG4+1.

Tá lón ábhair don uile dhuine i gceist leis an séasúr nua atá á sheoladh agus leanann TG4 de bhreis cláracha faisnéise arna léiriú in Éirinn a chur ar fáil faoi shaol na tíre seo, de shárchláracha ceoil agus de chláracha sainiúla siamsa, chomh maith le rogha spéisiúil sraitheanna drámaíochta a bheidh le feiceáil den chéad uair ar an teilifís in Éirinn.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, "Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Aire Catherine Martin as ucht an cúnamh a thug sí do TG4 i rith bliain inar tarraingíodh meas domhanda ar shaothrú na cruthaitheachta trí Ghaeilge le 'An Cailín Ciúin'. Tá tábhacht faoi leith le TG4 maidir le fónamh don Ghaeilge i saol na hÉireann go ginearálta agus don phobal arb í an Ghaeilge an ghnáthurlabhra acu. Tá ról tábhachtach freisin le TG4 mar chraoltóir seirbhíse poiblí agus is mó ná riamh an tábhacht sin tráth ar soiléire an riachtanais agus ar géire an gá le meon na seirbhíse poiblí taobh istigh den chóras craoltóireachta.

Áirítear Rúin na bPortach, sraith faoi réimsí bogach agus faoi thailte portaigh in Éirinn agus ar fud an domhain, ar na buaicphointí maidir le sraitheanna faisnéise ar TG4 i rith an fhómhair. Tugann Cormac Ó hÁdhmaill ar thuras sinn ó phortaigh thuaisceartacha Cheanada, go réimsí fairsinge móna na Fionlainne agus go dtí bratphortaigh áille na tíre seo.

Sraith cláracha faisnéise is ea Misneach ina ndéantar cíoradh ar scéalta daoine agus dreamanna ar cuireadh ábhar dúshláin rompu i rith a saoil. Sraith nua sé cinn de chláracha atá in Ag Triall ar an Tobar ina ríomhann an láithreoir Manchán Magan scéalta a bhaineann le Toibreacha Beannaithe in Éirinn. Cén bunús atá leis na deasghnátha agus cé na daoine a choinníonn na nósanna ar siúl? Tugann an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh, a bhfuil duaiseanna buaite aige, maille le meitheal den lucht eolaíochta idirnáisiúnta, in Rún na Bóinne, faoin ionad ina mbeadh an dara seomra i mBrú na Bóinne a aimsiú, seomra ar fada díospóireacht ar siúl an bhféadfaí a lorg a aimsiú nó an raibh sé riamh ann. Beidh Scéalta Grá na hÉireann ar ais le sé cinn eile de scéalta spéisiúla stairiúla. Ó Éirí Amach 1798 go hÉirí Amach na Cásca agus réanna eile, tabharfar an lucht féachana i gcónaí go croí an scéil ar an turas staire. Ar Na Bealaí Ceilteacha feictear Ryland Teifi agus a iníonacha, Lowri agus Cifa, ar thuras bóthair ar fud sé cinn de chontaetha in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag. Dhá réigiún trína dtéann an t-aon Bhealach Ceilteach amháin.

Tráth a bhfuil an t-athrú aeráide ar a n-intinn ag daoine, seo Tuilte chugainn, clár faisnéise uair an chloig ina gcloistear scéalta pearsanta ó dhaoine a d'fhulaing scrios mar gheall ar thuilte le tamall anuas i nGaillimh, in Inis Eoghain, i mBéal Feirste agus i Muineacháin. Fiosraítear na cúiseanna leis na tuilte sin. Ar na seoda eile i measc na gcláracha aonair faisnéise, a bheidh á gcraoladh ar TG4 ar an gCéadaoin, tá Croíthe Radacacha. Seo clár faisnéise 'faoin ngean nach luaitear' - i gceartlár na Réabhlóide ar son Shaoirse na hÉireann. Scéalta ceilte ocht gcinn de lánúineacha ban a bhí lárnach sa troid a shaor Éire ó Impireacht na Breataine; ar Na Gaeil agus na Chéad Náisiúin, ríomhtar an scéal iontach atá gan insint go dtí seo faoin gcaidreamh idir Éireannaigh agus Bun-náisiúin Mheiriceá Thuaidh le tráchtaireacht ó roinnt de stairithe cáiliúla na hÉireann agus glún nua den lucht léinn agus tráchtaireachta de bhunadh na mBun-náisiún sin; ar Inis Meáin, An Tearmann Thiar feictear an saol in Inis Meáin - Oileáin Árann faoi mar a thaifead Chris Rodmell, fear scannánaíochta, 50 bliain ó shin, agus saol phobal an oileáin i mbéal athraithe le teacht nós na nua-aimsire. Filleann sé ar an oileán go bhfeiceann sé scéal spéisiúil na ndaoine agus an t-athrú chun feabhais ar an saol acu ar imeall thiar na hEorpa.

Beidh rogha breá de chluichí beo le feiceáil ag lucht leanúna an spóirt ar GAA Beo- An chuid is fearr de ghníomhartha gaisce CLG ó thús go deireadh na bliana, beo ar TG4. Cluichí beo i Sraitheanna Allianz, craobhchomórtas na gclub, Peil na mBan, comórtais faoi aois agus comórtais scoileanna dara agus tríú leibhéal. Beidh Rugbaí Beo, sraith shuaitheanta rugbaí TG4, ar ais ar an scáileán i mí Dheireadh Fómhair leis an gcuid is fearr den iomaíocht sa Chraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe. Beidh cluichí i gCraobhchomórtas Rugbaí Idir Cúigí na mBan le feiceáil beo ar Rugbaí na mBan - an leibhéal imeartha agus iomaíochta is airde de rugbaí na mban in Éirinn. Ar Sacar na mBan, craolfaidh TG4 cluichí beo gach seachtain i Sraith Náisiúnta SSE Airtricity na mBan - an leibhéal is airde i sacar sinsearach na mban in Éirinn. Ar an tsraith is deireanaí de Underdogs, tá athrú ar línte agus ar phostaí ó tharla gur imreoirí i Sacar na mBan atá faoi chaibidil an uair seo ar an gclár mórchlú seo. Beidh seans ag painéal d'imreoirí club gan mórán iomrá imirt ar leibhéal i bhfad níos airde.

Beidh drámaíocht ardchaighdeáin le feiceáil i rith an tséasúir, idir sárábhar arna léiriú in Éirinn agus ábhar idirnáisiúnta as na Stáit Aontaithe a bhfuil ardmholadh ag an lucht critice air. Scéal strainséirí atá ag faoi mhéala atá le feiceáil in Northern Lights nuair a tharlaíonn oíche báistí i mBaile Átha Cliath go dtéann saol gach aon duine den bheirt i bhfostú ina chéile gan choinne. Faightear míniú ar an rún diamhair, fírinne na mbréag, an dara leagan ar scéal de réir mar a fhoilsítear cor agus casadh i ndiaidh a chéile i sraith dhorcha ghreannmhar seo na cineáltachta agus an dóchais. Léiriú aoibhinn, bogchroíúil, barúil, fírinneach atá ann ar mhuintir Bhaile Átha Cliath na linne seo ag caitheamh an tsaoil le gean ar a chéile go dtarlaíonn an briseadh croí agus go gcuirtear cos i dtaca. Beidh Ros na Rún, sobaldráma suaitheanta an stáisiúin, ar ais agus tá coiriúlacht an Gharda, ciontú éagórach, an bás, ceisteanna inscne, drugaí agus ceisteanna sóisialta eile ag baint le cúrsaí an lae ar an sráidbhaile Gaeltachta seo chomh maith le cion agus gean, grá agus rómánsúlacht, agus spraoi agus spreacadh mhuintir an bhaile.

Tá breis eolais faoi sceideal an fhómhair ar TG4 ar fáil ar TG4.ie/fomhar23