D’fhógair An tOireachtas, i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge, beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu na leabhair atá ainmnithe ar na gearrliostaí do Gradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).
Tá fiche (20) leabhar ainmnithe ar ghearrliostaí na bliana seo - seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló.
Bhain 9 dTeach Foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cló Léann na Gaeilge (CLÓ); Dalen Éireann; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR agus Picnic Press.
"Tá tacar ar leith scileanna atá riachtanach i gceird na foilsitheoireachta le saothar an scríbhneora a chóiriú, a chur i láthair agus a stiúradh go healaíona, soléite, sábháilte, isteach i lámha an léitheora", a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais. "Tá sé d’ádh ar scríbhneoirí agus ar an bpobal léitheoireachta gur bhain oiread sin Tithe Foilsitheoireachta a thionlaic leabhair Ghaeilge chun an mhargaidh le bliain anuas sárchaighdeán amach. Ar ndóigh bíonn saothar meithle laistiar de gach leabhar agus tréaslaím leis na húdair, na maisitheoirí, na haistritheoirí, na heagarthóirí, na dearthóirí agus gach aon bhaill de mheithleacha na leabhar atá ainmnithe ar ghearrliostaí Ghradaim Fhoilsitheoireachta 2023. Tá raon agus réimse den scoth leabhar ar na gearrliostaí sin, ina measc: úrscéalta, cnuasaigh aistí agus filíochta, pictiúr-leabhair don ghlúin óg agus sár-aistriúcháin ó theangacha eile."
Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2023. Gabhann duaischiste de €17,000 leis na trí ghradam. Tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fáil ag www.antoireachtas.ie.