skip to main content

'Tá obair le déanamh i gcónaí'

Labhair Dara Ó Cinnéide ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Chluiche Cheannais na mBan idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath.

Cé go bhfuil aon lá i bPáirc an Chrócaigh ina lá maith, deir Ó Cinnéide go raibh atmaisféar faoi leith ar lá Chluiche Cheannais na mBan, atmaisféar éagsúil ó Chluiche Cheannais na mBan. Idir dathanna na bhfoirne agus an tacaíocht iontach atá léirithe ag TG4 do spórt na mban, bhí lá speisialta ann don lucht tacaíochta agus do na foirne.

Luaigh Dara go raibh sé den tuairim an bhliain ar fad go mbuafadh Ciarraí craobh na hÉireann na bliana seo go dtí go bhfaca sé cluiche leathcheannais na hÉireann, nuair a d'aithin sé go raibh gaoth in seolta Átha Cliath ar an lá úd. Fuair Áth Cliath an tús a bhí uatha sa chluiche cheannais agus chuir siad Ciarraí faoi bhrú ón gcéad tréimhse.

Níor éirigh le Ciarraí an nós a bhí acu tús láidir a chur leis an gcluiche agus dá réir, bhí siad ar chúl agus ba dheacair dóibh teacht ar ais ó na scóranna a fuair Áth Cliath orthu. Cé gur éirigh le réalt na Gaeltachta, Louise Ní Mhuircheartaigh 1-07 a bhaint amach sa chluiche, níorbh leor é ar an lá.

I gceann cúpla seachtain, beidh sé in am féachaint chun cinn agus ní siar agus aghaidh a thabhairt ar an mbliain seo chugainn. Tá bunchloch Chiarraí ann agus ní raibh siad i bhfad ón mbua ach tá obair le déanamh i gcónaí, a deir Ó Cinnéide.