skip to main content

Gaisce Garry: 60 Cluiche mar Ghuth na nGael

Coicís ó shin, thug Garry MacDonncha faoina dhualgas tráchtaireachta den 60ú huair ar an gcluiche ceannais peile idir Ciarraí agus Áth Cliath. Éacht ollmhór ab ea é seo do Garry, agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an ngaisce, labhair Katie Whelan leis chun léargas a fháil ar a thaithí, ar na cluichí is ansa leis agus a thuairimí faoi thodhchaí an spóirt.

"Lá amháin iarradh orm triail a bhaint as tráchtaireacht a dhéanamh i gceann de na seomraí traenála ar phíosa de chluiche ón gcartlann. Dhá nóiméad nó mar sin a bhí i gceist". Sa dá nóiméad úd, bhí tús curtha ag Garry Mac Donncha lena ré mar thráchtaire spóirt.

1996 a bhí ann agus bhí Garry ag obair mar láithreoir agus mar thuairisceoir ar an gclár spóirt, 'Spórtiris', a chéad phost in earnáil na meán cumarsáide. Clár ab ea é a bhí á léiriú ag RTÉ do TG4, nó Teilifís na Gaeilge mar a thugtaí air ag an am. Caithfidh gur éirigh go geal le Garry ina thriail tráchtaireachta, mar an lá ina dhiaidh, iarradh air roinnt tráchtaireachta a dhéanamh chomh maith lena dhualgais mar láithreoir agus mar thuairisceoir.

Garry Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide

27 mbliana níos déanaí, agus seasca cluiche curtha de mar thráchtaire spóirt, tá cuimhne aige fós ar a chéad turas sa bhosca tráchtaireachta. Cé go bhfuil aithne ag an móramh anois air mar thráchtaire ar chluichí CLG, níorbh é cluiche Gaelach a bhí mar a chéad chluiche aige: "An chéad chluiche a rinne mé na cluiche rugbaí, creid é nó ná creid. Cluiche ceannais scoileanna Laighean idir Clongowes agus Terenure ar Lá 'le Pádraig 1997 i mBóthar Lansdúin".

Anuas ar a chéad chluiche mar thráchtaire, chuir stádas stairiúil an láthair spóirt gliondar ar Garry, agus é a rá: "Bhí mé neirbhíseach roimh ré ach ar bís agus bródúil go raibh mé ag tráchtaireacht ó áit chomh stairiúil le Bóthar Lansdúin". D’éirigh leis an lámh in uachtar a fháil ar a chuid mothúchán áfach, agus a bhuí lena ullmhúchán roimh ré, d’éirigh leis an tráchtaireacht freisin.

In ainneoin go bhfuil Gaeilge ag Garry ón gcliabhán, bhí air roinnt ullmhúcháin a dhéanamh roimh an gcluiche ó thaobh foclóra rugbaí de: "Is cuimhin liom go raibh

orainn foclóir rugbaí a chur le chéile, toisc nach raibh tráchtaireacht déanta i nGaeilge riamh ar chluiche rugbaí ar an teilifís".

Is próiseas é seo atá go fóill á leanúint ag Garry sa lá atá inniu ann agus é i mbun ullmhúcháin do na cluichí éagsúla, ag baint úsáide as foinsí fuaime, físe agus scríofa lena chuid anailíse a chur le chéile: "Bheinn ag smaoineamh ar an gcluiche atá romham ar feadh na seachtaine, ag léamh pé alt a dhéanann tagairt dó sna nuachtáin, ag éisteacht le podchraoltaí agus ag breathnú siar ar chluichí go raibh na foirne páirteach ann, cuma faoin spórt".

Is léir mar sin go bhfuil an-chuid ullmhúcháin, bailiúchán staitisticí agus anailís ar fhaisnéis i gceist sa ról. An mbíonn an deis ag Garry sult a bhaint as an gcluiche, nó an dualgas oibre amháin atá i gceist? Bíonn, mar a tharlaíonn sé! Agus dar leis féin, tá an sásamh seo ag fás le himeacht na mblianta!

"Tá mé ag baint níos mó sásamh as an tráchtaireacht anois déarfainn ná mar a bhí riamh. Déanaim iarracht an oiread ullmhúcháin agus is féidir a bheith déanta roimh ré agus ansin is féidir liom sult a bhaint as an gcluiche. Is é an rud is ansa liom a dhéanamh ó thaobh na hoibre de agus tá súil agam gur féidir liom leanúint ar aghaidh á dhéanamh"

I measc na mbuaicphointí ina ghairm bheatha, ní haon ionadh é go luann fear na Ceathrún Rua an cluiche ceannais idir Ghaillimh agus Cill Dara i 1998. Bhí tábhacht phearsanta ag an gcluiche seo do Garry agus é i ndiaidh Craobh Peile na Gaillimhe a bhuachan leo leis An Cheathrú Rua i 1996.

Is léir óna chur síos go raibh tionchar mór ag an lá sin, agus ag an gcluiche áirithe sin, ar Gharry mar dhuine agus mar thráchtaire spóirt: "Bhí an lá sin speisialta i bPáirc an Chrócaigh mar níor bhuaigh Gaillimh an Chraobh ó 1966 agus sileadh go leor deora i measc na lucht tacaíochta, agus bhí mé ag iarraidh guaim a choinneáil orm féin le linn mo chuid tráchtaireachta, rud nach raibh éasca".

Bhí an t-ádh ag Garry a leithéid de na hiománaithe agus peileadóirí is fearr riamh a fheiceáil agus iad ag tabhairt faoin bpáirc imeartha os a chomhair amach. "Ba mhór an phribhléid a bheith i láthair le linn ré órga Chill Chainnigh idir 2006-09", a deir Garry, chomh maith leis an 6 chraobh stairiúil as a chéile a thug peileadóirí Átha Cliath leo idir 2015-2020 le Cluxton, Fenton, McCaffrey agus Kilkenny dosháraithe. Ní dhéanfaidh sé dearmad ach an oiread ar ghaisce Luimnigh i mbliana, agus ceithre chorn Mhic Cárthaigh as a chéile buaite acu.

Garry Mac Donncha agus Pat Fleury

Lá stairiúil a bhí ann don teanga freisin nuair a craoladh clár iomlán beo trí Ghaeilge ar RTÉ le linn Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann. Ba í seo an chéad uair riamh a raibh craoladh iomlán beo ann – idir anailís agus tráchtaireacht.

Ba í Evanne Ní Chuilinn a bhí mar láithreoir an chláir, Sunday Game Beo, a bhí le feiceáil ar RTÉ News Now agus ar an RTÉ Player. In éineacht le hEvanne ar an taobhlíne bhí Damien Ó Dónaill, tuairisceoir spóirt. Bhí Garry agus a chomhthráchtaire, Pat Fleury ansin ar fáil leis an tráchtaireacht Ghaeilge a sholáthar don lucht féachana tar éis don réiteoir tús a chur leis an gcluiche.

"Bhí sé go hiontach a bheith mar chuid den chraoladh stairiúil a léirigh RTE don dá chluiche ceannais, an iomáint agus ansin an pheil", a deir Garry. "Bhí sé go hiontach agallamh i nGaeilge a chloisteáil i ndiaidh an cluiche iománaíochta ó thraenálaí nit agus aclú iománaithe Luimnigh Cairbre Ó Cairealláin agus nach raibh sé go hiontach Ciarán Kilkenny a chloisteáil ag labhairt le Damien cúpla nóiméad i ndiaidh na feadóige deiridh sa chluiche ceannais peile?".

Ní bheadh Garry sásta leis an méid sin amháin, áfach. Tá sé ag súil le tuilleadh deiseanna don Ghaeilge i réimse an spóirt amach anseo, taobh amuigh de na cluichí Gaelacha, agus teorainn na tíre fiú!

"Tá súil agam go leanfar leis an bhliain seo chugainn agus tá daoine tar éis a rá liom go mbeadh sé go deas dá mbeadh tráchtaireacht Ghaeilge le fáil ar na cluichí móra idirnáisiúnta sacar agus rugbaí".

Tá Garry tiomanta don Ghaeilge. Anuas ar a ról mar thráchtaire spóirt, tá sé ag obair le Cláracha Gaeilge le fada an lá agus faoi láthair, tá sé ag obair ar an séasúr is déanaí de Scannal, chomh maith le sraith úrnua, Aistear an Amhráin a bheidh á craoladh san

Fhómhar. "Táim ag tnúth go mór le go bhfeicfeadh an lucht féachana an tsraith nua, chomh maith le ceithre eagrán chorraitheacha de Scannal".

Ó bheith ag breathnú siar ar an turas go dtí seo, ní bheadh aon ionadh ruaim eile a bheith ar shlat Gharry Mhic Donncha mar thráchtaire sacair amach anseo.