Labhair Máire Mhic Niallais, cara mór le Tomás Ó Monacháin, as Gaoth Dobhair agus Béal Feirste ó dhúchas a fuair bás le déanaí ar oidhreacht an fhir ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bhí aithne leitheadach ar Thomás Ó Monacháin i saol na Gaeilge ar fud na tíre, Fear pósta sé bliana déag agus ceithre scór a bhí ann. Maireann a bhean Brighid, ceathrar iníonach agus beirt mhac.

Ailtire ab ea Tomás as Béal Feirste ach chomh maith le sin, d'oibrigh sé crua ar son chearta teanga a bhaint amach i mBéal Feirste agus sna Gaeltachta. Sampla amháin den obair sin iad na comharthaí bóithre atá i nGaeilge amháin i gceantair Ghaeltachta.
FÍSEÁN An gníomhaí Gaeilge aitheanta Tomás Ó Monacháin as Gaoth Dobhair agus as Béal Feirste ar shlí na fírinne pic.twitter.com/wy2kBtVABY
— NuachtTG4 (@NuachtTG4) August 8, 2023
Dúirt a cara, Máire go raibh daoine nár thuig meon Thomáis mar go raibh sé ina cheannródaí i gcomhthéacs na Gaeilge. Nuair a bhog sé chuig Gaoth Dobhair lena bhean sna 60í mheabhraigh sé do mhuintir na Gaeltachta go mbeadh orthu troid ar son na Gaeilge, meon nach raibh forleathan ag an am.
D'oibrigh Tomás ar thograí éagsúla a chinntigh go mbeadh an Ghaeilge slán, ó bhunú na Gaeltachta ar Bhóthar Seoighe, ar Chumann Chluain Ard, i mBéal Feirste agus i dtógáil scoile i nDún na nGall. Bhí Tomás chun tosaigh ar fad ar mheon go leor daoine agus é fadradharcach ina intinn, a dúirt Máire.