skip to main content

Na sluaite ag baint suilt as Fleadh Cheoil na hÉireann

Tá na mílte ag triail ar an Muilleann gCearr an tseachtain seo do Fleadh Cheoil na hÉireann. Tá sé sa bhaile i lár tíre don dara huair as a chéile agus is léir go bhfuil muintir an bhaile agus na cuairteoirí ar fad ag baint scléip as an gceol agus as an gcraic ar na sráideanna agus sna comórtais freisin.

Tá RTÉ agus TG4 i lár an aonaigh, le Louise Duffy ag craoladh a clár i lár an lae ann agus Neansaí Ní Choistealbha ann le Ríl ón Ródaí freisin.

Seo Éamon Mac Donncha agus a mhac óg, Ciarán ag seinnt ar ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta inné.

Más spéis leat cluais a thabhairt don chraic agus don cheol sa bhaile, seo clár Neansaí ó inné agus beidh sí ar ais sa ródaí inniu óna 3 go dtí'na 5.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Ní bhuailfeadh éinne an Kerry Polka mar a léirigh Joe Connaire agus Kevin Kennedy

Is iad Aoife Ní Thuairisc, Doireann Ní Ghlacáin agus Peadar Ó Goill atá ag cur Fleadh TV i láthair gach oíche an tseachtain seo beo ar TG4 ó 9.30pm