skip to main content

Muintir na Gaeltachta ag tacú lena réalt peile

Dé Domhnaigh seo, 13 Lúnasa, tabharfaidh muintir na Ríochta aghaidh ar Bhaile Átha Cliath i gCluiche Cheannais na hÉireann i bpeil na mban.

Beidh captaen na foirne, bean Ghaeltachta, Louise Ní Mhuircheartaigh, imreoir a bhfuil iliomad gradam bainte amach aici ina saol mar imreoir peile, ag iarraidh an duais mór a thabhairt abhaile leo don chéad uair ó bhí 1993 ann.

Éist anseo le clár speisialta de chuid An Saol Ó Dheas ó i Scoil An Fhéirtéaraigh. agus iad ag ullmhú don chluiche mór Dé Domhnaigh

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Cé go bhfuil Ciarraí ag imirt go maith le blianta beaga anuas agus Louise lárnach i gcuid mhaith de na cluichí buacacha seo, níor éirigh leis an bhfoireann an corn a iompar le scór bliain. Beidh Ní Mhuircheartaigh mar chaptaen ar an lá mar go bhfuil Síofra O' Shea gortaithe. Bronnadh gradam peileadóir na míosa ar Louise le déanaí agus í ag imirt ar ardchaighdeán an séasúr seo.

Is as Ard na Caithne do Louise ó dhúchas agus is léir go bhfuil a pobal an-bhródúil as an méid atá bainte amach aici sa pheil go dtí seo agus iad dóchasach go mbeidh an lá le Ciarraí Dé Domhnaigh.

Craolfar an Cluiche Cheannais na hÉireann Dé Domhnaigh seo ag 4pm ó Pháirc an Chrócaigh