skip to main content

Corcaigh chun cinn arís

Labhair Macdara Mac Donncha ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Chluiche Cheannais na hÉireann sa chamógaíocht, áit ar thug Corcaigh leo an bua go saoráideach.

Thug Port Láirge aghaidh ar mhuintir Chorcaí i gcluiche a bhí stairiúil do na Déise mar nach raibh áit sa chluiche ceannais bainte amach acu ó bhí 1945 ann.

Dúirt Helen Ní Shé gur 'spéirling Chorcaí' a ghabh tríd Páirc an Chrócaigh ar an Domhnach agus nach raibh aon stop leo ó thús go deireadh an chluiche. Tá taithí na mblianta ag Corcaigh ar chluichí dá leithéid agus ar Pháirc an Chrócaigh, fiú, taithí nach bhfuil ag mná na nDéise.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Bhí mí-ádh ar Phort Láirge le linn an chluiche freisin, bhí drochghortú ag dhuine de na himreoirí luath go maith sa chluiche, rud a chruthaigh deacrachtaí dóibh. Ba léir ar an lá, a dúirt Mac Donncha go raibh mná Chorcaí níos airde agus níos mó ná imreoirí Phort Láirge.

Cé go bhfuair Port Láirge buille uafásach, deir Macdara nach bhfuil sé buartha faoi chaighdeán na camógaíochta in Éirinn, mar go dtarlaíonn na nithe seo ó am go chéile, más i bpeil na bhfear é nó sa chamógaíocht.