skip to main content

An féidir brath ar ghaoth mar fhoinse fuinnimh?

Tháinig méadú 51% ar an méid fuinnimh gaoithe a ginneadh i mí Iúil na bliana seo i gcomparáid le mí Iúil na bliana seo caite. Labhair Frank Allen, Cathaoirleach Iarnród Éireann agus Cathaoirleach Chór Energy linn ar Tús Áite faoi seo agus faoin bhfuinneamh nádúrtha.

Ach an féidir brath ar ghaoth mar fhoinse fuinnimh in Éirinn? Deir Frank gur mí eisceachtúil amach agus amach a bhí in mí Iúil na bliana seo caite, mar nach raibh mórán gaoithe ann in aon chor agus go hiondúil gur tír ghaofar go maith í Éire.

Tuairiscíodh gur ginneadh suas le trian d'fhuinneamh na tíre tríd an ngaoth go dtí seo i mbliana ach de dheasca na haimsire, is deacair é a mheas ó lá go lá, a deir Frank, laethanta áirithe, is féidir neart den bhfuinneamh atá uainn a fháil ón ngaoth ach laethanta eile ní bheadh go leor ann in aon chor. Is gá bonneagair a bheith ann do na laethanta sin agus is gá dúinn bealach a aimsiú leis an bhfuinneamh seo a storáil ar mhaithe le húsáid ar laethanta suaimhneacha.

Tá obair mhór le déanamh ag an tír agus i dtíortha eile leis an bhfuinneamh a stóráil, sin an chéad chéim eile sa phróiséas seo. Beidh infheistíocht ag teastáil leis an gcéim seo a bhaint amach, rud a chabhróidh linn spriocanna atá leagtha síos ag an Aontas Eorpach a bhaint amach.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an tír seo maidir le fuinneamh nádúrtha a úsáid ach dár ndóigh, d'fhéadfaí níos mó a dhéanamh i gcónaí, cuir i gcás fuinneamh a aimsiú amach ón gcósta, rud atá sa phlean fadtéarmach.