Labhair Máire Uí Choilm, urlabhraí Coiste na mBan Tigh i nDún na nGall ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaelachta faoin imní atá faoi thodhchaí na mban tigh mar go bhfuil na rialacha ag athrú i rith na hama dár leis an gcoiste.
I gcáipéis a chur amach an Roinn i dtaca leis na mná tí agus na freagrachtaí atá orthu, deir sé nár chóir cúram iomlán na bhfoghlaimeoirí a bheith ar aon duine atá os cionn 70 bliain d'aois, caithfidh cúramóir atá thar 18 bliain d'aois a bheith sa teach freisin.
Dúirt Máire Ní Choilm go ndearna sise go leor oibre leis an Roinn ar son na mBan Tí leis an gcoinníoll sin a bhaint amach agus go bhfuair sise geallúint ón Roinn go bhféadfaí fear nó bean an tí litir a chur chuig an Roinn le rá go raibh siad breá in ann ag scoláirí, fiú agus iad thar 70 bliain d'aois. Ó shin i leith, fágadh an choinníoll istigh, rud atá ag cruthú go leor míshástacht i measc na mban tí.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
The latest survey on attitudes to the Irish language has revealed 77% of people in the South and 50% in the North think young people should have the opportunity to spend a summer in the Gaeltacht.
These renowned summer courses' success have evolved and grown in popularity through the generations. Now, many of the beloved bean an tí's are finding their work more and more challenging and many are opting out, but where does that leave the rite of passage for so many teenagers?
Tá cuid mhór de na mná tí sna Gaeltachtaí ar fad ag dul in aois anois agus cé go bhfuil cuid atá níos óige ag dul i mbun an chúram seo, tá bearna mhór fágtha, rud a chiallaíonn nach mbeidh scoláirí in ann freastal ar an nGaeltacht, mar a rinne go dtí seo.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dár ndóigh, tá cultúr na hóige athraithe le tamaill de bhlianta anuas agus tá freagrachtaí breise ar chúramóirí aire a thabhairt dóibh siúd atá ina dtithe ó fhóin phóca agus gach a bhaineann leo agus riachtanais bhreise, riachtanais ar ghá do na mná tí freastal orthu agus iad ag fanacht leo.