skip to main content

Pobalbhreith nua i leith dhearcadh na hÉireann ar an nGaeilge

Labhair Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Conradh na Gaeilge ó Thuaidh, ar an gclár Tús Áite faoi phobalbhreith nua ó Conradh na Gaeilge, pobalbhreith a chíoraíonn dearcaí mhuintir an oileán seo ar an nGaeilge

Ag déanamh scagadh ar an eolas a fuarthas, dúirt 1 as gach ceathrar ó dheas agus 1 as gach cúigear ó thuaidh go mbéidís sásta dá mbeadh seirbhís Gaeilge ar fáil ón stáit. Deir Ó Tiarnaigh gur ceist í seo a bhaineann le feasacht ar an tseirbhís a bheith ar fáil, mar go minic, ní bhíonn an t-eolas ag an bpobal go bhfuil an leithéid ar fáil nó gur cheart go mbeadh.

Pádraigh Ó Tiarnaigh

Cé go maítear nach bhfuil éileamh ar na seirbhísí seo, deir Pádraig go mbaineann an t-easpa eolais go minic leis an easpa eolais atá ann faoin tseirbhís a bheith ar fáil. Leis an bhfadhb seo a réiteach, tá moladh ag Conradh na Gaeilge go mbeadh coincheap na tairiscinte gníomhaí in úsáid sa dá dhlinse, thuaidh agus theas agus go gcuirfí ceist ar an té a bhfuil seirbhís uatha arbh fhearr leo é a fháil i nGaeilge nó i mBéarla ag tús an chomhrá.

Beidh ar na seirbhisí seo a bheith chomh sásúil agus atá na seirbhísí i mBéarla a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail go laethúil mar mura mbeidh, ní bheidh daoine sásta a bheith foighdeach lena gcearta a fháil.

Tá Pádraig den tuairim go mbaineann an t-ábhar le trí chúis, ceist tola, ceist acmhainní agus ceist pleanála. Deir sé freisin go bhfuil an rialtas ó dheas ag tarraingt na gcos i leith na seirbhíse seo.

Ar ábhar eile, léirigh an pobalbhreith go bhfuil 77% den bpobal ó dheas agus 50% den bpobal ó thuaidh den tuairim gur cheart go mbeadh an deis ag gach páiste freastal ar chúrsa samhraidh Gaeltachta. Tá deiseanna sa bhreis ag daltaí ó thuaidh, áit a bhfuil scoláireachtaí agus sparánachtaí níos flúirsí an taithí seo a fháil, i gcomparáid leis na daltaí ó dheas ar a dtiteann ualach an phraghais ar a dtuismitheoirí.