Scríobhann Katie Whelan faoi fhilleadh fhoireann sacar na mban go hÉirinn i ndiaidh a dtréimhse stairiúil ag glacadh páirte sa Chorn Domhanda don chéad uair.
Tá sé deimhnithe go mbeidh fáilte mhór chroíúil á cur roimh fhoireann na hÉireann agus iad ag teacht abhaile óna gcéad Chorn Domhanda, atá ar siúl faoi láthair san Astráil agus sa Nua-Shéalainn.
Tá an fhoireann ar an turas fada abhaile ón Astráil inniu, agus súil go mbeidh siad fillte ar Éirinn maidin Dhéardaoin.
Tá sé deimhnithe ag Cumann Peile na hÉireann (FAI) go mbeidh mórshiúl ann i lár na príomhcathrach le ceiliúradh a dhéanamh ar ghaisce stairiúil mhná na hÉireann agus fáilte abhaile a chur rompu.
Cuirfear tús leis an gceiliúradh Déardaoin bheag seo ag 6:30pm os comhair Ard-Oifig an Phoist agus é deimhnithe go mbeidh an fhoireann ar fad, chomh maith le bainisteoir na foirne, Vera Pauw, i láthair le bualadh leis an slua.
Is gaisce as cuimse é don fhoireann agus iad sa Chorn Domhanda den chéad uair agus cé go raibh rás na hÉireann rite tar éis na gcluichí grúpa, tá roinnt gnéithe dearfacha le tarraingt ón bhfeachtas.

Tharraing Abbie Larkin an-chuid cainte go háirithe, agus í, ag 19 mbliana d'aois, ar an imreoir is óige a d’imir ar son na hÉireann ag comórtas dá leithéid. Is léir go bhfuil todhchaí gheal os a comhair amach agus iarracht maith curtha isteach aici.
Cuimhneofar freisin ar an bhfeachtas seo mar gur éirigh le Katie McCabe céad chúl na hÉireann ag Corn Domhanda na mban a chur san eangach le linn an chluiche in aghaidh Cheanada.
Táthar dóchasach go bhfuil fasach bunaithe ag mná na hÉireann sa chomórtas, agus go leanfar leis an nós amach anseo.
Tá sé molta go n-úsáidfeadh an pobal córas iompair poiblí agus iad ag taisteal isteach go dtí an imeacht, a mbeidh cosc ar alcól aige.
Cé go bhfuil mná na hÉireann ar a mbealach abhaile, tá an comórtas go fóill ar siúl agus clúdach ag RTÉ Sport ar na cluichí ar fad. Beidh an cluiche ceannais ar siúl 20 Lúnasa.