skip to main content

Ról speisialta na Mamóanna ar Chosán na mBan

Sa chlár deireanach sa tsraith Cosán na mBan pléitear le ról speisialta na mamóanna. Tháinig grúpa mamónna le chéile le beagán cainte a dhéanamh le Treasa Bhreathnach faoin ról seo i saol na mban – Rós Uí Bhraonáin, Nóirín Ní Nia UíDhonnacha agus Annamaria Nic Dhonnacha. Beidh dánta againn sa gclár seo ó Áine Ní Fhoghlú agus Aisling Ní Shuilleabháin. Is í Treasa Bhreathnach a chuirfidh an clár i láthair.

Labhair na mná faoin bpleisiúr a bhaineann le ról an seanmháthar dóibh siúd, cuid acu a thugann aire dá ngarpháistí agus cuid eile acu a bhaineann spraoi astu. Labhair na mná faoi na mamóanna féin a thug aire dóibh siúd nuair a bhí siad ag tosú amach lena gcuid clainne féin.