skip to main content

Scoth an cheoil ag Fleadh Cheoil na hÉireann

Beidh an Fhleadh Cheoil ag filleadh ar an Muileann gCearr in 2023, agus í ar ais san áit inar cuireadh tús léi an chéad lá riamh sa bhliain 1951.

Beidh TG4 ina 'Lárionad don Fhleadh Cheoil' agus craolfaimid ceithre chlár bheo ar an 10, 11, 12 agus 13 Lúnasa a bheidh lán le scoth na n-amhrán, an cheoil agus an damhsa Ghaelaigh. Déanfaidh an stáisiún roinnt de na comórtais a shruthú beo ar an seinnteoir www.TG4.ie freisin agus déan cinnte cainéil meán sóisialta @TG4TV a leanúint chun an t-aicsean ó chúl an cheamara a fháil agus an ceol sa Mhuileann gCearr a chloisteáil, nó bí ag caint linn ar líne ag úsáid #Fleadh2023

Ní mór duit áit a bhaint amach sna babhtaí cúige ar dtús le bheith san iomaíocht i mbabhtaí ceannais na hÉireann. Tá na láithreoirí, Doireann Ní Ghlacáin agus Peadar Ó Goill, ag dul ar fud na tíre le ceithre seachtaine anuas, iad ag casadh le roinnt de na ceoltóirí is fearr sa tír, cuid acu a raibh súil acu féin áit a bhaint amach i gcomórtais na hÉireann, agus gach duine acu le bheith sa Mhuileann gCearr am éigin le linn na féile seachtaine. Craolfar clúdach ó na babhtaí ceannais cúige ar TG4 Dé Domhnaigh an 6 Lúnasa ag 9.30pm ar Fleadh 2023 Na Cúigí. Sa chlár sin tabharfaidh Doireann agus Peadar an lucht féachana blaiseadh den iomaíocht ó cheithre bhabhta ceannais na gcúigí i mBéal an Átha, i mBaile Átha Cliath, i dTrá Lí agus sa Droim Mór agus cuirfidh eolas ar roinnt de na ceoltóirí cumasacha is fearr atá ag teacht chun cinn sa tír.

Craolfar Fleadh 2023 beo ceithre oíche as a chéile ar TG4 ó Déardaoin go dtí Dé Domhnaigh ón 9.30pm go dtí 11pm. Beidh an comhláithreoir Aoife Ní Thuairisg i dteannta na láithreoirí Peadar agus Doireann, chomh maith leis an scoth de cheoltóirí cumasacha Gaelacha ó ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.

I measc na ndaoine a bheidh ag ceol beo dúinn oíche Déardaoin beidh Natalie MacMaster, Donnell Leahy & a Theaghlach, Banna Céilí Thaobh na Mara, Tim Edey, The Gardiner Brothers, Síomha, Ger O’Donnell, Trevor Sexton le George Murphy & Meadhbh Walsh, D’Bize, Gráinne Hambly, agus Craobh Pheig Uí Riain CCÉ.

Beidh siad seo a leanas ar stáitse oíche Dé hAoine, Dolores Keane, Téada, Méabh Ní Bheaglaoich, Breanndán Ó Beaglaoich, Emmet Cahill, Paul Dooley & Kseniya Rusnak, The Dublin Lasses, Antóin MacGabhann & a theaghlach ina measc.

Is iad Cherish The Ladies, Máire Ní Chathasaigh & Chris Newman, Eoghan Ó Ceannabháin and Ultan O’Brien, Enda Scahill & Mick Conneely, Strange Boy, Meitheal Orchestra, Fusion Fighters, The Melbourne Céilí Band, agus Tempest a bheidh ag coinneáil ceoil linn oíche Dé Sathairn.

Maidir le hoíche dheireanach na Fleidhe oíche Dé Domhnaigh, beidh meascán ceoltóirí againn daoibh ó ar fud na cruinne, ina measc T With The Maggies, Liz Doherty & Fiddlesticks, Ryan Molloy agus a chairde – The Piano Summit, Mark Redmond and Pipers of the World (feat. Pamela Schweblin, Liam Winnett agus neart eile), Dan McCabe, Billow Wood, Tura Arutura, Tara Howley, Tulua agus Doon Road

Beidh RTÉ ann freisin:

Ar Luan Saoire Bainc Lúnasa, craolfar The Marty Morrissey Show beo ó Chearnóg an Mhargaidh sa Mhuileann gCearr. Mar is gnáth, beidh meascán breá de chaint, ceol agus siamsaíocht ag Marty. Tar chomh fada linn má bhíonn tú sa Mhuileann gCearr. Tá Marty ag súil le bualadh le gach duine é féin tar éis an chláir mar sin tar anuas chugainn agus bíodh do cheamara réidh chun féinín a ghlacadh! Bí ag éisteacht le RTÉ Radio 1 idir 9 agus 11am.

Cuirfidh The Louise Duffy Show bís ceoil freisin oraibh ag an bhFleadh!

Beidh The Louise Duffy Show é féin beo ón bhFleadh, Déardaoin agus Dé hAoine an 10 agus 11 Lúnasa. Tar chuig an Roadcoaster a bheidh suite ag an mbealach isteach chuig Páirc an Bhaile. Tabhair leat do chuid bróga damhsa, do bhainseo nó d'fheadóg stáin agus cuidigh le Louise tús a chur leis an seisiún! Bhí éinín beag ag rá linn go mb'fhéidir go dtabharfadh sí féin léi a bosca ceoil agus go bhféadfadh ticéid a bheith aici le tabhairt uaithi mar aon le málaí féiríní. Bí ag éisteacht Déardaoin agus Dé hAoine idir an 12 agus a 1pm. Beidh Louise Duffy ag seasamh sa Gig Rig tráthnóna Déardaoin freisin sula gcuirfidh tús le scoth an cheoil ó leithéidí Clare-Ann Kearns, Laois Music Generation, The Knights agus neart eile. Cuirfidh Kieran Hanrahan an Céilí House i láthair, le scoth na gceoltóirí agus amhránaithe, beo ó The Gig Rig Dé Sathairn an 12 Lúnasa. Bígí ag éisteacht beo ón 9-10pm ar RTÉ Radio 1. Tar éis an chláir sin craolfar Folk on One le Muireann Nic Amhlaoibh, agus beidh tuilleadh aicise daoibh ó Fhleadh na bliana seo idir 10-11pm.

Agus beidh Ríl an Ródaí BEO, le Neansaí Ní Choisdealbha, ar Raidió na Gaeltachta ón 10-11 Lúnasa ó 3-5pm agus ar an 12 Lúnasa ó 1:20-3pm.

Fleadh Cheoil na hÉireann 2023 Chomhaltas, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, ón 6 – 14 Lúnasa. Féach ar www.fleadhcheoil.ie

Lean cainéil meán sóisialta @TG4TV chun blaiseadh a fháil den méid a bhíonn ag tarlú agus den cheol a bhíonn ar siúl taobh thiar den cheamara, nó bí páirteach sa chomhrá ar líne trí úsáid a bhaint as #Fleadh2023

Is iad Power Pictures a léireoidh na trí chlár bheo a bheidh le craoladh ar TG4 idir Déardaoin an 10 Lúnasa agus Dé Domhnaigh an 13 Lúnasa, idir 9.30pm agus 11pm.

Mar atá luaite thuas, beidh TG4 ag craoladh beo ar líne freisin ó chomórtais éagsúla ar sheinnteoir an stáisiúin www.TG4.ie