Labhair muid le láithreoir an chláir, Cuimhní Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tristan Rosenstock faoin gclár agus faoina cheangail féin leis an gceol.
Cad a spreag tú le tabhairt faoin gclár?
Tá cumhacht iontach ag baint leis an gceol agus thig le cúpla córda ceoil muid a thabhairt ar ais chuig áit ar leith, nó am ar leith. Spreagann ceol cuimhní geala agus géara. Theastaigh uaim cuireadh a thabhairt d'ealaíontóirí dul ar bhóithrín na smaointe liom le cuid de na cuimhní is tábhachtaí a bhí acu a chlos agus le cluas a thabhairt don cheol a spreag na cuimhní céanna sin.
Ar athraigh do mheon i leith an cheoil agus an cheangail atá ag daoine leis le linn na gcomhráití?
Taitníonn ceol de shaghas éigin linn go léir. Ach an rud is mó a thagann chun cinn sa tsraith ná an bealach go mbímid ar brath ar an gceol. Rud riachtanach is ea é. Bhíodh amhráin saothair againn fadó chun obair throm a dhéanamh éadrom. Níl obair níos troime ná leanbh a thabhairt ar an saol agus bhí se spéisiúil gur roghnaigh beirt de na haíonna an ceol a bhí á sheinm agus iad ag iarraidh babaí a thabhairt ar an saol. Cloisimid chomh maith an t-amhrán deireanach a chan iníon agus athair i dteannta a chéile. Mar sin, ón mbreith go dtí an bás bíonn gá againn leis an gceol.
Dá mbeifeá le cúpla traic a roghnú, cad a roghnófá agus cén fáth?
Ní ligtear dom mo cheol féin a sheinm agus mé ag tiomáint le mo pháistí Maud agus Joni. Le cúpla bliain anuas tá mo chéile Sadhbh tar éis fuaimrian úr a chruthú do ghlúin úr lena cuid ceirníní agus tá a cuid amhrán tar éis muid a thabhairt fud fad na tíre. An t-amhtán Picnic Teidí a chuireann tús leis an aistear.
Tá cuimhní ceoil den chéad scoth agam a bhaineann le bheith ag taisteal na cruinne leis an ngrúpa Téada. Beimid ag filleadh ar an bhféile mhór i Lorient go luath agus bhíos ag cuimhniú le déanaí ar cheann de na coirmeacha is fearr a bhí riamh againn le ceoltóirí Ceilteacha eile sa Bhriotáin:
Chuir mo dheirfiúirín álainn Éabha lámh ina bás féin anuraidh. Bean iontach láidir chróga ab ea í agus ní dhéanfaidh éinne a bhuail léi riamh dearmad ar na súil gorma a bhí aici. Go gairid i ndiaidh di imeacht uainn chuala mé an t-amhrán Blue is the Eye nuair a bhíos ag cur agallaimh ar an ngrúpa iontach Ye Vagabonds. Thug an t-amhrán sólás dom nuair a bhí mo chroí briste, agus tugann i gcónaí.
Éist le Cuimhní Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt ag 2.05pm