skip to main content

An lámh in uachtar ag na Dubs ar mhuintir na Ríochta

Labhair Dara Ó Cinnéide ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Chluiche Cheannais na hÉireann inár thug Baile Átha Cliath leo Corn Sam Mhic Uidhir arís!

Léirigh an fhoireann an neart agus an paisean atá iontu, cé go raibh sin ar eolas againn cheana féin, tugadh é le fios go sonrach i bPáirc an Chrócaigh. Bhí an dá fhoireann go hiontach agus ní raibh mórán eatarthu, dhá phointe ag an deireadh, rud a léirigh caighdeán an dá fhoireann.

Cé nach raibh an lá ab fhearr ariamh ag David Clifford, deir Dara go ndearna Mick Fitzsimons cosaint iontach air freisin, rud a choinnigh níos ciúine é ná mar a bhíonn sé go hiondúil. Cé go ndéantar síoranailís ar chluichí mar seo nuair nach bhfuil ann ach bearna dhá phointe idir an dá fhoireann, deir Dara go gcaithfidh muintir Chiarraí a admháil go raibh foireann Átha Cliath ábhairín níos láidre ar an lá, rud a léirigh an toradh.

Cé go mbeidh spás ag teastáil ó fhoireann agus ó bhainstíocht agus go deimhin lucht tacaíochta na Ríochta chun cneasú, ní bheidh mórán ama ann sula dtugann siad faoi phleananna don bhliain seo chugainn.

"Comhghairdeas libh ach tá súil agam nach gcífidh muid sibh an bhliain seo chugainn"

Don chéad uair ar RTÉ, craoladh clár i nGaeilge le hanailís roimh agus i ndiaidh an chluiche chomh maith le tráchtaireacht ar an gcluiche. Is féidir leat féachaint siar ar an gclár anseo.