skip to main content

An Saol Ó Dheas ar cuairt ar an Ardchathair don chluiche mór

Bhí foireann An Saol Ó Dheas ar cuairt chuig an Ardchathair le craic agus comhrá a bhaint as lucht Chiarraí agus na Dubs atá ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gCluiche Cheannais na hÉireann Dé Domhnaigh seo.

I measc an tslua a bhailigh sa teach tabháirne is Gaelaí san Ardchathair, bhí Alan Milton, Bainisteoir Chumarsáide CLG chomh maith le hiar-imreoir le Ciarraí Tomás Ó Flatharta agus Paul Rouse, léachtóir agus údar ar chúrsaí an CLG in Éirinn.

Tá go leor de mhuintir na Ríochta ag cur futhu anois i mBaile Átha Cliath agus ag tógáil clainne atá anois idir an dá áit. Labhair muintir Uí Luing ar an gclár faoin teannas atá ina teach faoi chluiche mór an deireadh seachtaine.