Labhair Philip King, Brenda Ni Shuilleabháin agus Joe Falvey faoi bhás Shinéad O'Connor agus an oidhreacht thábhachtach a d'fhág sí ina diaidh ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Cuireadh síos ar Shinéad O' Connor mar fheachtasóir, cheannródaí, chumadóir, amhránaí agus bean a sheas suas don cheart ar feadh ar saoil. Ag aois an-óg a d'aimsigh Sinéad an spotsholas agus d'úsáid sí an aird le solas a chaitheamh ní hamháin ar a cuid ceoil ach ar go leor eile ar nós an tslí ar caitheadh le mná in Éirinn agus san tionscnamh cheoil chomh maith le teifigh, ciníochas, an tabú a bhain leis an ngalar AIDS agus neart eile.
Dúirt Philip King go raibh O' Connor in ann deileáil le gach saghas ceoil ón bpopcheol go dtí an sean-nós. Bhí rud éigin pearsanta agus bog ag baint lena guth álainn, fiú agus í ag tabhairt faoi na hamhráin mhóra.
Bean leochaileach ab ea Sinéad, bean a raibh saol crua aici ó mhí-úsáid gnéis agus an drochíde a fuair sí ó na meáin nuair a chur sí a healaíon i lár an stáitse, ach go háirithe nuair a scrios sí grianghraf don Phápa agus í ag tagairt do mhí-úsáid gnéis san Eaglais Chaitliceach. Thug Sinéad aghaidh ar ábhair nach raibh daoine eile sásta nó cróga go leor aghaidh a thabhairt orthu agus bhí impleachtaí diúltachta agus dearfacha aige sin uirthi.
Dúirt Philip King nach raibh aon chur i gcéill i gceist le Sinéad O' Connor, rud nach bhfuil fíor i gcás go leor ceoltóirí eile ar eagla nach ndíolfaí a gcuid ceoil. Bhí Sinéad in ann amhráin a bhaint as tobar an traidisiúin agus ceol comhaimseartha a dhéanamh astu.
Léirigh sí neart thar na beartaibh ach go háirithe agus í ag streachailt le galar intinne, rud nach dtarlaíonn minic in Éirinn, a dúirt Ní Shúilleabháin fuithi agus d'oscail sin doirse do dhaoine eile.