An Domhnach seo, beidh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann á thaispeáint i nGaeilge ar RTÉ News Channel agus an RTÉ Player. Seo an chéad uair go mbeidh RTÉ ag craoladh beo i nGaeilge ón taobh line don chluiche ceannais peile.
Evanne Ní Chuilinn a bheidh i mbun láithreoireachta le anailís ó Marc Ó Sé agus Gary Brennan. Is iad Garry Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide a bheidh i mbun tráchtaireachta beo ó Pháirc an Chrócaigh agus is é Damien Ó Donaill a bheas mar thuairisceoir.
Beidh tráchtaireachtaí, tuairiscí agus freagairtí beo ó Pháirc an Chrócaigh le cloisteáil ar RTÉ Raidió 1. Beidh tráchtaireacht mar an gcéanna ar Spórt an tSathairn agus Spórt an Lae freisin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá cainéal RTÉ News ar fáil ar Saorview - cainéal 21; Sky - cainéal 517; Virgin Media - cainéal 200.
Le féachaint ar an Saturday Game Beo ar an RTÉ Player:
Ar leathanach baile ar fón, táibléid nó ar an ríomhaire, gheobhaidh tú roinn faoin teideal 'Watch Live Tv'- roghnaigh sruth RTÉ News le féachaint ar an Saturday Game Beo.
Seachas sin, brú an cnaipe LIVE ar an bhfón, táibléid nó ríomhaire, (beidh sé ar bharr nó ag bun an scaileáin ag brath ar an ngléas atá in úsáid agat) agus arís roghnaigh an sruth RTÉ News.
Beidh lipéad dearg ar na cluichí ar fad ar mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge orthu le Irish Language air le feiceáil ag barr an scáileáin, ar chlé.
Is féidir teacht ar Thráchtaireacht Bheo ar an iliomad ardán lena n-áirítear; Saorview HD, RTE News Channel agus ar an RTE player.
Sunday Game Beo: Ciarraí v Baile Átha Cliath
Caitheamh isteach: 3.30i.n.