Scríobhann Katie Whelan faoi ócáid stairiúil a tharla Dé Domhnaigh seo caite nuair a craoladh clár iomlán beo trí Ghaeilge ar RTÉ le linn Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.
Lá stairiúil a bhí ann Dé Domhnaigh seo caite nuair a craoladh clár iomlán beo trí Ghaeilge ar RTÉ le linn Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann. Bhí an craoladh ag teacht beo ó cheannáras Chumann Lúthchleas Gael san Ardchathair, áit ar thug Luimneach agus Cill Chainnigh faoi chluiche corraitheach. Ce go bhfuil tráchtaireacht i nGaeilge á cur ar fáil ag RTÉ ar na cluichí ceannais ó 2015 i leith, ba í seo an chéad uair riamh a raibh craolaodh iomlán beo ann – idir anailís agus tráchtaireacht.
Ba í Evanne Ní Chuilinn a bhí mar láithreoir an chláir, Sunday Game Beo, a bhí le feiceáil ar RTÉ News Now agus ar an RTÉ Player. In éineacht le hEvanne ar an taobhlíne agus iad i mbun plé agus anailíse roimh ré, ag leath ama agus i ndiaidh an chluiche, bhí John Allen iar-imreoir le Corcaigh, agus Paul Flanagan. Bhí áthas uirthi an t-eispéaras nua a fháil agus thapaigh sí an deis in ainneoin í a bheith neirbhíseach ag an tús:
"Tá Gaeilge agam agus bhí Gaeilge i gcónaí agam ach ní raibh aon taithí agam dul beo le mo chuid Gaeilge. Ní raibh clár beo curtha i láthair agam riamh agus bhí mé neirbhíseach mar gheall ar mo chuid Gaeilge, ach a luaithe agus a shroich mé Páirc an Chrócaigh thosaigh John Allen agus Paul Flanagan ag caint liomsa trí Ghaeilge. Bhí sé i bhfad níos éasca ansin léim isteach ann agus tabhair faoi. Bhí sé an-nádúrtha agus bhain mé an-sult as".
Bhí focail mholtacha ag Evanne don fhoireann léirithe freisin, faoi stiúir Chiarán Uí Eadhra, a thug faoi dhulgas an lae go hiomlán trí Ghaeilge.

"Bhí bród orainn ar fad a bheith ann don chéad chlár iomlán Gaeilge agus tá súil agam go leanfar leis. Ní dóigh liom go raibh sé deacair é a chur le chéile. Cinnte, chuireamar an-iarracht isteach agus bhí obair mhór ann ach bhí na scileanna agus na daoine ar fad againn, agus iad ar fad ar ardchaighdeán".
Bhí Damien Ó Dónaill, ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, i lár an aonaigh freisin, leis na himreoirí agus na bainisteoirí á gcur faoi agallamh aige ar an gclár. Bhí Damien ar aon fhocal le hEvanne maidir le féidearthachtaí craolta na teanga amach anseo:
"Léirigh craoladh an Domhnaigh gur féidir é a dhéanamh agus le fís gur féidir a leithéid a dhéanamh níos minice. Tá níos mó poiblíochta de dhíth ar chraoltaí mar seo agus sílim nuair a d'éirigh chomh maith sin leis an Domhnach seo caite go bhfeicfidh an pobal an tábhacht atá leis an gcraoladh Gaeilge ar na cluichí Gaelacha".
Tar éis do na Cait agus muintir Luimnigh tús a chur leis an imirt, thug Garry Mac Donncha agus Pat Fleury faoin tráchtaireacht Ghaeilge – mar a dhéanann gach seachtain.
I ndiaidh an chluiche, thug Garry cur síos ar conas mar a bhrath sé a bheith páirteach sa lá:
"Bhí mé fíorbhródúil a bheith mar chuid den lá stairiúil agus bhí sé go hiontach. Bhí píosa tráchtaireachta ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ann freisin agus ba cheiliúradh ar an nGaeilge a bhí ann ar bhealach".
De réir fhigiúirí Audience Insights RTÉ, bhí uimhreacha sláintiúla ar an tsruth beo ar Sunday Game Beo ar an Seinnteoir, le 10 nóiméad 7 soicind an meánmhéid ama féachana. Táthar ag súil go dtógfar ar na figiúirí an deireadh seachtaine seo.
Mar a tharlaíonn, beidh Garry i mbun a 60ú All Ireland Dé Domhnaigh beag seo, éacht nach beag!
Labhair Garry faoin dlúthcheangal atá idir an Cumann Lúthchleas Gael agus an teanga, agus dúirt go raibh sé "tábhachtach an Ghaeilge agus an CLG a fheiceáil ag teacht le chéile ar an gcaoi seo ar an ardán náisiúnta".
Is féidir leat féachaint siar an gclár anseo
Ní bheidh mórán ama ag an meitheal RTÉ le bheith i mbun machnaimh ar shárchluiche na seachtaine seo caite áfach, agus Cluiche Ceannais Peile na hÉireann ag druidim linn an deireadh seachtaine seo.
Tá Garry ag súil go mór le lá mór eile Dé Domhnaigh seo. Gaisce pearsanta a bheidh ann do Garry freisin agus é ag tabhairt faoin tráchtaireacht Ghaeilge den seascadú uair ina shaol gairmiúil, idir cluichí peile, iománaíochta agus camógaíochta:
"Beidh daoine ag súil leis an dá mhórchumhacht BÁC agus Ciarraí ag teacht le chéile. Is ócáidí ar leith a bhíonn iontu go hiondúi, smaoiním siar ar 2019 mar shampla nuair a bhí athimirt de dhíth! Táim ag súil go mór le bheith i lár an aicsin agus is iontach an rud é go bhfuil an tseirbhís seo ar fáil trí mheán na Gaeilge".

Tar éis di an chéad chlár a chur di, tá Evanne ag tnúth leis an Domhnach chomh maith agus leis na féidearthachtaí sainiúla a thagann leis an gcraoltóireacht Ghaeilge:
"An rud faoin gcraoladh Gaeilge ná nach bhfuil aon bhriseadh fógraíochta ann. Rud a chiallaíonn go mbíonn am breise againn le hanailís a dhéanamh agus le hagallaimh a chur. Ní raibh an oiread céanna brú ann agus uaireanta nuair a bhíonn brú ann, bíonn sé deacair gach rud a chlúdach".
Cuirfear tús leis an gcluiche idir Áth Cliath agus Ciarraí ar a 3:30pm, le réamhanailís beo arís eile le fáil óna 2:55pm ar RTÉ News Now agus ar an RTÉ Player.
Le féachaint ar an Saturday Game Beo ar an RTÉ Player:
Ar leathanach baile ar fón, táibléid nó ar an ríomhaire, gheobhaidh tú roinn faoin teideal 'Watch Live Tv'- roghnaigh sruth RTÉ News le féachaint ar an Saturday Game Beo.
Seachas sin, brú an cnaipe LIVE ar an bhfón, táibléid nó ríomhaire, (beidh sé ar bharr nó ag bun an scaileáin ag brath ar an ngléas atá in úsáid agat) agus arís roghnaigh an sruth RTÉ News.
Beidh lipéad dearg ar na cluichí ar fad ar mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge orthu le Irish Language air le feiceáil ag barr an scáileáin, ar chlé.
Is féidir teacht ar Thráchtaireacht Bheo ar an iliomad ardán lena n-áirítear; Saorview HD, RTE News Channel agus ar an RTE player.