skip to main content

Fleadh Cheoil na hÉireann ag filleadh ar an Mhuileann gCearr

Sa Mhuileann gCearr a reáchtálfar Fleadh Cheoil na hÉireann 2023 Chomhaltas don dara bliain as a chéile.

Tugadh an "Teacht Abhaile" ar fhleadh na bliana seo caite tar éis nach mór 60 bliain agus mealladh breis is 500,000 cuairteoir chuig an bhféile. Ó amhránaithe, ceoltóirí agus damhsóirí san iomaíocht go dtí taibheoirí sráide agus dream mór le rá ina bpríomhoirfidigh ag na ceolchoirmeacha, bhí rud éigin ar siúl do gach duine.

Ag seoladh oifigiúil Fhleadh 2023, dúirt Joe Connaire Cathaoirleach Choiste Feidhmiúcháin Fhleadh an Mhuilinn Chearr "tá ár seacht ndícheall déanta againn chun go mbeidh fleadh na bliana seo ar an gceann is mó agus ar an gceann is fearr do chách. Is fada linn nó go dtiocfaidh an 6 go dtí an 14 Lúnasa."

Tá mórtas ar RTÉ agus ar TG4 a bheith ag tacú le Fleadh Cheoil na hÉireann Chomhaltas ina gcomhpháirtithe oifigiúla meán cumarsáide.

An bhfuil tú ag teacht chuig an bhFleadh?

Feicfimid ann sibh mar sin! Táimid ag iarraidh oraibh teacht chuig an bhFleadh agus a bheith páirteach le RTÉ ann agus is iad seo a leanas na sonraí a bheidh ag teastáil uaibh.

Ar Luan Saoire Bainc Lúnasa, craolfar The Marty Morrissey Show beo ó Chearnóg an Mhargaidh sa Mhuileann gCearr. Mar is gnáth, beidh meascán breá de chaint, ceol agus siamsaíocht ag Marty. Tar chomh fada linn má bhíonn tú sa Mhuileann gCearr. Tá Marty ag súil le bualadh le gach duine é féin tar éis an chláir mar sin tar anuas chugainn agus bíodh do cheamara réidh chun féinín a ghlacadh! Bí ag éisteacht le RTÉ Radio 1 idir 9 agus 11am.

Cuirfidh The Louise Duffy Show bís ceoil freisin oraibh ag an bhFleadh!

Beidh The Louise Duffy Show é féin beo ón bhFleadh, Déardaoin agus Dé hAoine an 10 agus 11 Lúnasa. Tar chuig an Roadcoaster a bheidh suite ag an mbealach isteach chuig Páirc an Bhaile. Tabhair leat do chuid bróga damhsa, do bhainseo nó d'fheadóg stáin agus cuidigh le Louise tús a chur leis an seisiún! Bhí éinín beag ag rá linn go mb’fhéidir go dtabharfadh sí féin léi a bosca ceoil agus go bhféadfadh ticéid a bheith aici le tabhairt uaithi mar aon le málaí féiríní. Bí ag éisteacht Déardaoin agus Dé hAoine idir an 12 agus a 1pm. Beidh Louise Duffy ag seasamh sa Gig Rig tráthnóna Déardaoin freisin sula gcuirfidh tús le scoth an cheoil ó leithéidí Clare-Ann Kearns, Laois Music Generation, The Knights agus neart eile. Cuirfidh Kieran Hanrahan an Céilí House i láthair, le scoth na gceoltóirí agus amhránaithe, beo ó The Gig Rig Dé Sathairn an 12 Lúnasa. Bígí ag éisteacht beo ón 9-10pm ar RTÉ Radio 1. Tar éis an chláir sin craolfar Folk on One le Muireann Nic Amhlaoibh, agus beidh tuilleadh aicise daoibh ó Fhleadh na bliana seo idir 10-11pm.

Agus beidh Ríl an Ródaí BEO, le Neansaí Ní Choisdealbha, ar Raidió na Gaeltachta ón 10-11 Lúnasa ó 3-5pm agus ar an 12 Lúnasa ó 1:20-3pm.

Fleadh Cheoil na hÉireann 2023 Chomhaltas, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, ón 6 – 14 Lúnasa. Féach ar www.fleadhcheoil.ie

RTÉ bringing us closer.