Labhair imreoir Chiarraí agus na Gaeltachta, Brian Ó Beaglaoich ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar a thaithí agus an cluiche mór atá rompu ag an deireadh seachtaine.
Dúirt Brian go raibh sé fiáin chun caide ón gcéad lá agus go raibh an t-ádh aige go raibh foireann láidir ag an nGaeltacht ag an am, rud a thacaigh lena dhúil sa pheil. Áit an-speisialta is ea Páirc Ghallarus, a dúirt Brian, páirc nach maith le foirne eile a bheith ag imirt air.
Cé go bhfuil ról tábhachtach ag Ó Beaglaoich ar an fhoireann na Ríochta ón mbliain 2016, deir sé go raibh air go leor oibre chun an spás sin a aimsiú agus a choinneáil. Luaigh sé nach raibh ar an imreoir is fearr ach go raibh dúil mhór aige ann agus dá réir gur oibrigh sé crua chun a chuid scileanna a thabhairt go barr feabhais.
Molann Ó Beaglaoich obair aonair, le máistreacht a fháil ar scileanna bunúsacha ach fíorthábhachtacha. Chaith sé go leor ama leis féin le linn na paindéime, ag cur lena neart agus lena aclaíochta agus deir sé gur tháinig feabhas mór air sa tréimhse sin.
Tá bliain dheacair curtha síos ag Ó Beaglaoích, le dhá ghortú laistigh de chúpla mí, rud a chiallaigh nach raibh deis aige a bheith ag imirt ar feadh stair.
Ag féachaint chun cinn chuig cluiche mór an deireadh seachtaine, deir Brian go mbíodh sé an-deacair ar Chiarraí lámh in uachtar a fháil orthu ach nach gceapann sé go mbeidh mórán eatarthu ar an Domhnach.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00.