Rain, hail or shine, reading books suits all summer weather. Tá am níos mó againn le tabhairt faoi scíthléitheoireacht agus muid ar laethanta saoire ach is beag duine atá ullmhaithe lena liosta léitheoireachta agus iad ag imeacht leo. Seo mo rogha dóibh siúd atá ag lorg leabhar a thabharfaidh go domhan eile iad.

Na Ríthe Beaga le Delpine de Vigan, aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire.

Leabhar é seo a foilsíodh i bhFraincís ach a d'aistrigh Nic Con Iomaire go Gaeilge, tá an t-aistriúchán chomh snasta nach mbeadh 'fhios agat gur aistriúchán é seachas na hainmneacha Fraincíse. Scéal comhaimseartha a théann i ngleic leo siúd a chuireann a gcuid páistí ar an idirlíon ar mhaithe le leantóirí agus airgead. Chuaigh an scéal seo go croí ionam mar dhuine a chaitheann go leor ama ar an idirlíon agus a bhraitheann míchompord éigin faoi na cuntais seo. Leabhar den scoth.

Éist le léirmheas le hÁine Ní Ghlinn ar an leabhar seo ar Tús Áite anseo

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Bláth na dTulach- Cnuasach gearrscéalta

Mura bhfuil fonn ort tabhairt faoi úrscéal, is fiú go mór an cnuasach gearrscéalta seo a phiocadh suas.. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an greann agus an brón chun tosaigh iontu, tá cuid de na scéalta fréamhaithe go docht i dtraidisiún an oidis bhéil agus cinn eile a bhfuil foirmlí agus foirmeacha na litríochta nua-aoisí le brath orthu.

Éist le léirmheas ar an bpodchraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Gabh chuig www.blath.ie le theacht ar leagan digiteach de théacs na scéalta agus le héisteacht leis na scéalta á n-aithris ag léitheoirí éagsúla i bpodchraoladh rialta le Réaltán Ní Leannáin dar teideal Bláth na dTulach.

Tonn Teaspaigh- Cnuasach filíochta le Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Bailiúchán nua dánta leis an fhile aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh as Ciarraí. Sna dánta seo tugann an file guth d'eispéireas na mban sa tsaol chomhaimseartha, cuirtear síos ar an mháithreachas agus ar shaol na máthar agus tugtar a dhúshlán den insint seanchaite ar ról na mban sa tsochaí agus déantar é go fíor, paiteanta agus go liriciúil.

Más spéis leat litríocht na Gaeilge, is fiú go mór cluas a thabhairt don Chúinne Dána, clár ealaíona agus cultúir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Aistí ón Aer, clár a thugann ardán dóibh siúd a chuireann peann le pár i nGaeilge.