Beidh tráchtaireacht agus anailís roimh agus i ndiaidh an chluiche i nGaeilge ar fáil don chluiche iomána is mó sa bhliain, cluiche ceannais na hÉireann a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh seo ag tosú ag 2.55pm.
Is í an craoltóir spóirt Evanne Ní Chuilinn a chuirfidh an clár i láthair agus ina teannta, beidh John Allen. Beidh plé agus anailís trí Ghaeilge ar an gcluiche roimh ré, ag leath ama agus ina dhiaidh, an chéad uair riamh go mbeidh a leithéid á chur ar fáil ag RTÉ.
Tabharfaidh Luimneach aghaidh ar Cill Chainnigh ag 3.30pm i bPáirc an Chrócaigh, áit a mbeidh Pat Fleury agus Garry Mac Donncha ag déanamh tráchtaireachta.

Le féachaint ar an Saturday Game Beo ar an RTÉ Player:
Ar leathanach baile ar fón, táibléid nó ar an ríomhaire, gheobhaidh tú roinn faoin teideal Watch Live Tv'- roghnaigh sruth RTÉ News le féachaint ar an Saturday Game Beo.
Seachas sin, brú an cnaipe LIVE ar an bhfón, táibléid nó ríomhaire, (beidh sé ar bharr nó ag bun an scaileáin ag brath an an gléas atá in úsáid agat) agus arís roghnaigh an struth RTÉ News.
Beidh lipéad dearg ar na cluichí ar fad ar mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge orthu le Irish Language air le feiceáil ar an scáileán ag barr, ar chlé.
Is féidir teacht ar Thráchtaireacht Bheo ar an iliomad ardán lena n-áirítear; Saorview HD, RTE News Channel agus ar an RTE player.
How to watch The Saturday Game Beo on RTÉ Player:
On the RTÉ Player homepage on mobile, tablet and computers** you will find a section called 'Watch Live TV'- choose the RTÉ News stream to watch The Sunday Game Beo.
Alternatively, hit the 'Live' tab on your phone, tablet or computer (you'll see at the top or bottom of your screen, depending on the device you are using) and again pick the RTÉ News stream.
GAA matches covered as Gaelige will always have a red 'Irish Language' tag in the top left corner of the match image.