Sraith nua de dheich gcinn de cheolchoirmeacha 90 nóiméad le mór-ghrúpaí an traidisiúin, ina measc; Altan, Líadan, Skipper's Alley, Edel Fox, Slide, T with the Maggies, The Bonny Men, Téada, Raw Bar Collective & Na Casaidigh, taifeadta beo i Stiúideo Cuan sa Spidéal le lucht féachana i láthair.
An tseachtain seo, beidh an teaghlach cheolmhar, Na Casaidigh sa stiúideo agus iad ag tabhairt faoi rabharta cheoil.
Is féidir leat féachaint siar ar choirmcheoil na Bonnymen a bhí Beo ón gCuan freisin anseo
Tá Beo ón gCuan á chraoladh faoi láthair, gach Déardaoin ag 1900 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus á shruthú ar líne freisin. Léirigh muid Beo ón gCuan i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Coimisiún na Meán, arna mhaoiniú ag an táille ceadúnais teilifíse.