Bhí Anna Heussaff ag cur síos ar an deich lá gur chaith sí in iarthar Chorcaí. Tá sí ag dul ar thurasanna saoire in Éirinn gan tiomáint agus í ag taisteal ar bhusanna agus traenacha de réir mar is féidir léi.
Tá 'fhios againn go bhfuil carranna ag cur le hathrú aeráide agus go mbeadh sé níos fearr don domhan dá bhféadfadh muid gan a bheith ag brath ar an modh iompair seo mar atá faoi láthair. Ach, an bhfuil an tír seo ullmhaithe le tacú leo siúd ar mhaith leo droim láimhe a thabhairt do charranna?
Deir Anna go bhfuil níos mó daoine ag dul ar bhusanna le cúpla bliain anuas de reir na staitisicí. Ar cheann na buntáistí is fearr faoi léimt ar bhus, tá an deis soisialú, a deir Anna, rud nach dtarlaíonn le carranna.

Ceantar fairsing is ea Leithinis Bhéara ó Chiarraí go Corcaigh é an ceantar seo agus cé go mbíonn carr ag formhór na ndaoine a théann ar cuairt ann, tá bealaí eile timpeall ar an gceantae maguaird. Luaigh Anna go bhfuil seirbhís bus poiblí a théann chomh fada le cathair Chorcaí faoi dhó in aghaidh an lae agus agus seirbhís bus príobháideach freisin a théann ann uair amháin agus ar ais i gcaitheamh an lae.