Sa bhliain 1981, d'fhan 30% de mhná sa bhaile, seachas dul lasmuigh den teach ag obair. A mhalairt atá fíor anois le breis agus 55% ag obair lasmuigh den teach. Cé go bhfuil an t-athrú sin suntasach, an ionann é agus cothrom na féinne do mhná na tíre seo?
Díreoidh clár na seachtaine seo ar an saol oibre. Labhróidh triúr ban le Treasa Bhreathnach faoina saol oibre – Máire Treasa Ní Dhubhghaill, léiritheoir neamhspleách agus láithreoir Rugbaí Beo ar TG4, Tríona Mac Giolla Rí stiúrthóir ar Aró Digital Strategy, agus Bríd Ní Chonghóile, príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge.

Cloisfidh muid freisin ón nGarda Siobhán Campbell atá lonnaithe i dTír Chonaill. Beidh dánta nuachumtha againn sa gclár seo ó na filí Áine Durkin agus Dairena Ní Chinnéide.
Labhair na mná faoi na chéad phostanna a bhí acu agus an méid a d'fhoghlaim siad ón obair agus iad ina mná óga. Fágtar cúram go minic faoi mhná agus is cosúil ón gclár seo go dtosaíonn an nós sin ó aois an-óg agus go múnlaítear an sochaí timpeall ar an dualgas sin. Dúirt Máire Treasa go ndéanann mná aithris ar an rud a rinne ár gcuid máithreacha romhainn agus dá réir, go bhfuil dualgais bhreise atá dofheicthe ar mhná comhaimseartha.