skip to main content

Tonn Teasa san Eoraip

Bhí Mí an Meitheamh ar an Mí Meitheamh is teo a bhí riamh ann agus tá teas millteach ar fud na hEorpa ag cruthú deacrachtaí móra. Labhair Kay McCarthy ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin teas san Iodáil, áit a bhfuil sí lonnaithe.

Dúirt Mc Carthy cé nach bhfuil sí sa Róimh féin, go bhfuil teas millteach cois cósta san Iodáil agus go bhfuil go leor, leor daoine ag fulaingt mar gheall air. Deir sí freisin go bhfuil idirdhealú mór idir na daoine a bhfuil aerchoiriú acu agus iad siúd nach bhfuil. Daoine níos sine don chuid is mó nach bhfuil aerchóiriú acu i gcomparáid leo siúd atá níos óige agus a raibh sé acu sular bhuail an tonn teasa iad.

Tá daoine fós ag dul isteach chuig an oifig, a deir sí, mar gheall ar an aerchóiriú, don chuid is mó agus tá go leor daoine ag streachailt le codladh na hoíche a fháil freisin. Beidh an teocht chomh hard céanna ar feadh cúpla lá eile dar le réamhaisnéis na haimsire agus beidh muintir na Róimhe buailte go dona leis ach go háirithe.

Tuairiscíodh inniu go bhfuil athrú tagtha ar an aimsir in Éirinn le tríocha bliain anuas agus go bhfuil sé anois níos fliche, níos teo agus níos grianmhara ná mar a bhí tríocha bliain ó shin.