skip to main content

'Níl foirfeacht ag éinne'

Labhair Dara Ó Cinnéide ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi bhua Chiarraí agus Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine agus a bhfuil rompu sa chluiche ceannais.

Bhí foireann an Ríochta buacach i gcoinne Dhoire i bPáirc an Chrócaigh ach ní raibh mórán eatarthu, a dúirt Dara Ó Cinnéide. Bhí díomá uafásach ar fhoireann agus ar lucht tacaíochta Dhoire, an bainisteoir ina measc, agus é lagbhríoch ina chuid cainte i ndiaidh an chluiche. Rinne an binse maitheas do Chiarraí freisin, rud nach raibh ag Doire. Ní raibh muintir Chiarraí slán go dtí gur séideadh an fheadóg dheiridh sa chluiche mar nár ghéill Doire, fiú amháin sna soicindí deireanacha.

Fuair Ciarraí an tastáil nach raibh faighte acu go dtí seo i mbliana ó Dhoire, rud a dhéanann foireann níos fearr astu, a deir Dara. Chuaigh rudaí in aimhréidh, ciceanna amú agus mar sin de ach bhí teacht aniar iontach i bhfoireann na Ríochta. Tá 'intleacht caide' ag foireann Dhoire, rud atá feicthe aige i bhfoireann Bhaile Átha Cliath, bíonn siad de shíor ag cuimhneamh dhá chéim chun cinn sa chluiche.

Ag trácht ar ar an gcluiche leathcheannais eile idir Muineachán agus Baile Átha Cliath, luaigh Dara go dtuigeann sé go gcuireann sé olc ar dhaoine gur na foirne céanna a bheidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile ach bhí macallaí de shean Bhaile Átha Cliath le feiceáil sna Dubs sa cheathrú deireanach den chluiche seo idir Muineachán agus iad.

Tá Baile Átha Cliath ag teacht go ciúin i rith na bliana, mar a bheadh an taoide ann agus anois tá siad ann mar a bheadh rabharta ann.