skip to main content

Roinn agus ró-roinnt ar na meáin shóisialta

Tugann Áine Ní Ghlinn a léirmheas dúinn ar 'Na Ríthe Beaga' le Delphine de Vigan, aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire agus foilsithe ag Barzaz ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Téann an leabhar seo i ngleic leis na meáin shóisialta agus an chontúirt a bhaineann leo ach go háirithe do pháistí óga. Caitheann an leabhar seo solas ar cheisteanna móra ár linne maidir le roinnt agus mar a thugann Ní Ghlinn air, 'ró-roinnt' ar na meáin shóisialta agus na himpleachtaí a bhaineann leis.

Molann Ní Ghlinn an leabhar seo dóibh siúd atá ag cuartú leabhar dá gcuid laethanta saoire. Tá a leithéid de leabhar ag teastáil sa Ghaeilge, ábhar comhaimseartha atá aistrithe ar ardchaighdeán ón bhFraincís. Níl an leabhar seo ar fáil i mBéarla agus ní bheadh 'fhios agat gur aistriúchán é an leabhar seo murach na hainmneacha dílse a fágadh mar atá.

Áine Ní Ghlinn

Tá tuismitheoireacht athraithe le tamaill anuas agus go leor daoine ag cur a gcuid páistí ar líne mar thaispeántas, rud a léirítear go maith le leabhar. Tagann ceist na dtionchairí aníos mar théama lárnach sa leabhar seo ach go háirithe an tóir atá ar an bhfoirfeacht ar líne.