Sraith álainn is ea Aistí ón Aer a thugann deis do scríbhneoirí na Gaeilge peann a chur le pár don raidió. Pléitear iliomad ábhar, ó chuimhní cinn go athrú aeráide.
Don chéad uair, baineadh úsáid as intleacht shaorga le haiste a chur i dtoll a chéile do RTÉ Raidió na Gaeltachta. Scríobhann léiritheoir an chláir, an t-údar agus ceoltóir, Marcus Mac Conghail faoin gcoincheap agus faoin tslí ar thug sé faoi Cogadh ar Phláinéad Solas a chumadh.
Bhíos fiosrach faoi ChatGPT mar sin chuas dtín suíomh agus scrígh mé 'Conas tá agat?' agus an freagra a fuaireas i nGaeilge ná 'Níl Gaeilge agam ach táim in ann aistriúchán a dhéanamh' mar sin, toisc go rabhas ag obair ar shraith fén bhfile, Seán Ó Ríordáin, chuireas ceist ar an gcóras aiste a scríobh dom fé.
Fuaireas aiste thar nais láithreach bonn - é cruinn den chuid is mó ó thaobh na Gaeilge de, agus bhí an t-eolas faoin bhfile cruinn go leor, ach amháin go raibh duine den ainm céanna ó Bhéal Feirste fite tríd an aiste.

Lorgaíos ansan gearrscéal faoi ríomhaire a ghlacann seilbh ar an Domhan, rud a fuaireas i bhfaiteadh na súl. Síofra ab ainm don ríomhaire! Ach is píosa fíorghairid a fuaireas.
Bheartaíos ansan féachaint an bhféadfainn aiste a fháil le bheith mar chuid den tsraith AIstí ón Aer.
Tar éis cúpla iarracht nach raibh ró-shásúil tuigeadh dom go raibh orm treoracha a thabhairt - líon na bhfocal, bunchreat scéil srl, sa chás seo luaigh mé beirt bhan ar an bpláinéad Mars agus an pláinéad fhéin faoi ionsaí srl.
Ní raibh uaim ach léiriú a thabhairt don lucht éisteachta den saghas ruda go bhféadfadh ChatGPT a dhéanamh. Measaim go mbeadh ort i bhfad níos mó ama a chaitheamh leis agus níos mó paraiméad a leagaint síos. Níor athraíos aon fhocal sa bpíosa a cuireadh ar fáil dom agus níor dheineas aon eagarthóíreacht air. Tá doiléireacht ann agus tá sé lom go leor mar insint.
Níl an chuma ar an scéal go nglacann abair ponc i.e. le sleachta fada, mar sin is dhá nó trí abairt san iarracht a bhí i gceist leis an taifead fuaime.
Tá forbairt tagtha ar an suíomh seo agus tá ceann amháin des na guthanna níos 'daonnaí' anois ná na cinn eile.
D'úsáid mé poncaíocht sna sleachta a chuireas isteach - camóg, idirstad srl - leis an gcaint a mhoilliú le go mbeadh an léamh níos 'nádúrtha'
Mar a dúirt, i ndáiríre, is ar bhonn trialach a dheineas é - d'fhéadfaí níos mó ama a chaitheamh leis le go mbeadh an toradh níos sásúla.
Éist le Aistí ón Aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Máirt, 2.05pm nó ar líne anseo.