skip to main content

Spotsholas ar an gCeathrú Gaeltachta i mBéal Feirste

Sa tsraith nua seo, tugann Aodhán Ó Baoill agus Niamh Ní Dhubhgáin turas ar cheathrúna Bhéal Feirste ag fiosrú faoi cad é atá éagsúil ó cheathrú go ceathrú. Tá ocht gceathrú sa chathair san iomlán agus tabharfaidh siad cuairt ar gach ceann acu sa tsraith seo.

Inniu, caitheann siad seal i gCeathrú Gaeltachta Bhéal Feirste in iarthar na cathrach. Labhrann siad le Jake Mac Siacais faoi cad é mar a tharla sé go ndearnadh 'Ceathrú Gaeltachta' den áit. Faigheann siad amach faoin nasc atá ag Séamus Ó Conghaile le Bóthar na bhFál, agus buaileann siad le Seán Mac Seáin atá ag obair ar son na teanga i mBéal Feirste le blianta fada. Críochnaíonn siad a dturas i gColáiste Feirste, an chéad iar-bhunscoil lán-Ghaeilge sna Sé Chontae. Is léiriú de chuid Clean Slate é Ocht gCeathrú do RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Gaeilge le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.

Aodhán agus Niamh

In this new summer series, Aodhán Ó Baoill and Niamh Ní Dhubhgáin travel to the eight quarters in Belfast city to meet the communities there, and to learn about each of these distinctive areas of the city. Today, they travel to the Gaeltacht Quarter in the west of the city. There, they meet Jake Mac Siacais who tells them how it became the Gaeltacht Quarter. They learn about the connection between James Connolly and the Falls Road area there, and they meet Seán Mac Seáin who has been working to promote the Irish language in Belfast for many years. They finish their tour in Coláiste Feirste, the first ever Irish language secondary school in the Six Counties.

Ocht gCeathrú, Dé Céadaoin, 12 Iúil, 2.05pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta