Labhair Shaunie Ó Baoill, ó Chumann Cnoic agus Natura na hÉireann mar gheall ar an samhnas a bhí air ag féachaint ar an gclár RTÉ Investigates-Dairy's Dirty Secret ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dúirt Shaunie go raibh sé deacair féachaint ar an tslí a raibh cuid de na feirmeoirí ag caitheamh leis na gamhna ach go háirithe na gamhna fireann nach ndéanann bainne.
Cé gur cháin feirmeoirí, muintir na tíre agus polaiteoirí na radharcanna uafásacha a chonaic siad le linn an chláir, dúirt Shaunie go bhfuil sé fós ag fanacht ar réiteach ar an bhfadhb.
Mhínigh Shaunie nach bhfuil margadh ann do ghamhna fireann agus dá réir, cuirtear iad chuig tíortha eile. Luaigh an feirmeoir na híomhánna agus físeáin shamhnasacha a bhí le feiceáil sa chlár faoin drochbhail agus droch íde atá a thabhairt d'eallach sa tír seo. Tá méadú mór tagtha ar an tionscal déiríochta le tamaill de bhlianta anuas agus dá réir tá athruithe móra tagtha ar an bhfeirmeoireacht in Éirinn.
Síleann Shaunie go mbaineann an scéal seo leis an deireadh a cuireadh ar na cuótas nach raibh aon phlean eile acu nuair a rinneadh an cinneadh seo.
Is féidir leat féachaint siar an gclár RTÉ Investigates-Dairy's Dirty Secret anseo.