Príomhoide Scoil Dhún Chaoin, Malachaí Mac Amhlaoibh ag scríobh faoin scoil bheag tuaithe a tharraing go leor, leor airde uirthi féin le linn na staire mar chuid den tsraith Aistí ón Aer ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Insíonn Mac Amhlaoibh cúlra na scoile stairiúil ar a bhfuil sé ina Phríomhoide faoi láthair. Baineann an scéal seo le gníomhú pobail i gcoinne pholasaí a tháinig ón Roinn Oideachais darbh ainm rationalisation. Dúnadh tuairim is míle scoil mar chuid den straitéis seo.
Tháinig pobal na scoile agus pobal Dhún Chaoin le chéile le seasamh i gcoinne an Rialtais. Fuair an feachtas neart tacaíochta ó mhúinteoirí agus ó fhilí ar nós Mháire Mhac an 'tSaoi a bhíodh ag obair sa scoil ó am go chéile. Lean an feachtas ar aghaidh ar feadh blianta go dtí gur tháinig rialtas nua Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre isteach sa bhliain 1973, tráth ar athosclaíodh an scoil.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Cuid de stair na Gaeltachta é an feachtas seo a léirigh neart chearta sibhialta na Gaeltachta ag an am agus tábhacht an tseanfhocail, Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.
Féachtar ar an bhfeachtas seo mar bhua don Ghaeltacht agus do phobail bheaga tuaithe i gcoinne pholasaithe an rialtais.
Éist anseo le clár de chuid Chartlann Bhóthar na Léinsí, ón mbliain 1973 nuair a athosclódh Scoil Dhún Chaoin mar thoradh fónta ar fheachtas pobail.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences