Gach seachtain, tugann Treasa Bhreathnach léargas dúinn ar ghnéithe éagsúla do shaol na mban ag tréimhsí éagsúla, ó mhná atá ag teacht in inmhe go mná atá sa tseanaois ina sraith Cosán na mBan.
Is iomaí dris chosáin a bhíonn roimh mhná ina saol, agus sa gclár seo insíonn Geraldine Gannon as Tír an Fhia dúinn faoi gcaoi ar dhéileáil sí le bás a cúpla nuabheirthe. Beidh Máirín Uí Chonghaile as Cor na Rón in Indreabhán ag insint do Threasa Bhreathnach faoi na blianta a chaith sí mar chúramóir dá máthair, agus cloisfidh muid ó Mháirín Ní Chonghaile as Béal a'Daingean faoi mar a thugann sí aire do pháistí dhaoine eile gach lá, ach nach bhfuil aon ghasúr aici féin. Beidh an Dochtúir Máire Ní Choscair, Comhairleoir Síciatrach na Seanaoise, le cloisteáil sa gclár seo chomh maith agus beidh dánta ann leis na filí Máire Dinny Wren agus Bríd Ní Mhórain. Is í Treasa Bhreathnach a chuirfidh an clár i láthair.

There are many obstacles and ups and downs along the way in a woman’s life, and in the programme Geraldine Gannon tells us about how she lost her twins soon after birth and how she’s dealt with that loss since. Máirín Uí Chonghaile from Cor na Rón in Indreabhán will tell Treasa Bhreathnach how she spent many years as a carer, and we’ll hear from Máirín Ní Chonghaile from Béal a’Daingean about how she cares for other people’s children every day, but has no children of her own. The Consultant Psychiatric for the Elderly, Dr Máire Ní Choscair, will also share her expertise in this programme and we’ll hear poems from Máire Dinny Wren and Bríd Ní Mhóráin. Presented and produced by Treasa Bhreathnach.