skip to main content

The Call of Sea: Mealladh na Mara

Sa tsraith nua seo do RTÉ, leanann Mealladh na Mara triúr a bhfuil ceangail fíorláidir acu leis an bhfarraige i mbealaí éagsúla, ó Oileán Chléire go Maigh Eo go Sligeach

In this brand-new Irish language series from RTÉ, the viewer is taken into the worlds of three very different people who have all felt lured by the sea since they were children. Ireland is surrounded by the ocean and many have a complex relationship to this volatile force of nature. For generations, the sea has been a source of livelihoods, legends and wonder, but the sea can also be a place of immense danger.

Sa tsraith úrnua Ghaeilge seo ó RTÉ, tugtar léargas don lucht féachana ar shaol triúr an-éagsúil atá faoi dhraíocht ag an bhfarraige ó bhí siad ina leanaí. Tá farraige thart timpeall na hÉireann ar fad agus tá caidreamh casta ag go leor leis an bhfórsa míshocair dúlra seo. Ba fhoinse í an fharraige chun slí bheatha a shaothrú, foinse a bhfuil finscéalaíocht ag baint léi agus a bhfuil ábhar iontais inti leis na glúnta ach d'fhéadfadh contúirt ollmhór a bheith i gceist léi freisin.

I Maigh Eo, rachfar ag taiscéalaíocht sa domhan faoi thoinn leis an tumadóir cuardaigh agus tarrthála Conall Ó Domhnaill. Labhróidh an Dochtúir Ginearálta Eoin McCarthy Deering, duine de na surfálaithe is cumasaí in Éirinn, faoi chothromaíocht a bhaint amach idir a ghairm ghairmiúil agus na maidhmeanna móra a bhíonn á mhealladh i gcónaí. Le linn na sraithe freisin, beidh muid ar Chléire in Iarthar Chorcaí áit a gcasfaidh muid leis an múinteoir meánscoile Niamh Ní Dhrisceoil a fuair oiliúint mar scipéir agus arb í an chéad bhean in Éirinn í le bheith ina scipéir ar bhád farantóireachta.

In Mayo, the series discovers the world beneath the ocean with search and rescue diver Conall Ó Domhnaill. One of Ireland's most accomplished surfers, GP Dr Eoin McCarthy Deering, talks about balancing his professional career against the constant lure of the big wave. And on Cape Clear in West Cork, the series also features secondary school teacher, Niamh Ní Dhrisceoil who trained as a skipper, becoming one of Ireland’s first female ferry skippers.

Series producer Birthe Tonseth said: "With this series we really wanted to capture the force and wonder of the sea, and we were so lucky to work with some incredible people both on and off screen. Telling their stories and setting them and Ireland’s breath-taking scenery to beautiful music was such a pleasure."

Mealladh na Mara

Conall Ó Domhnaill is a retired teacher and search and rescue diver, who has been fascinated with the sea since his childhood. Even though he grew up in Co Meath, Conall spent most summers on the beaches in Donegal, where his father hailed from. Since then, he always dreamt of scuba diving, and in his early 20s he was finally able to fulfil that childhood dream. Conall has now been diving for over 40 years. As a recreational diver he has explored most of the Irish coastline, but it is still a magical experience for him. Conall is also a highly qualified and experienced search and rescue diver with the Grainne Uaile Subaqua Club in Mayo.

Secondary school teacher Niamh Ní Dhrisceoil grew up on Cape Clear in West Cork, Ireland’s most southerly island. It lies 8 miles off Baltimore and is home to 147 people who live there all year around. Niamh has been living and working as a secondary school teacher in Ballincollig on the outskirts of Cork city for the last few years, but she is drawn back to her home island almost every weekend and holiday. The sea has been a constant in her life from birth, when she was nicknamed "the Lifeboat Baby", but like all families that live and work along the coast, the O’Driscolls have also lost loved ones to the sea…

Is múinteoir atá ar scor agus tumadóir cuardaigh agus tarrthála é Conall Ó Domhnaill atá faoi dhraíocht ag an bhfarraige ó bhí sé óg. Cé gur tógadh i gCo. na Mí é, chaith Conall an chuid is mó den samhradh gach bliain ar an trá i nDún na nGall mar gur as sin a athair. Ó shin i leith, tá sé ag brionglóidí faoi thumadóireacht scúba agus nuair a bhí sé luath sna fichidí bhí sé in ann an bhrionglóid sin a bhí aige le linn a óige a thabhairt chun fíre ar deireadh. Tá Conall ag tumadóireacht anois le 40 bliain. Cé go bhfuil tumadóireacht déanta aige ar an gcuid is mó d'imeallbhord na hÉireann ina chuid ama féin, is eispéireas draíochtúil fós dó é. Is tumadóir cuardaigh agus tarrthála atá an-cháilithe agus a bhfuil taithí aige é Conall le Club Fo-Uisce Ghráinne Uaile i Maigh Eo.

Tógadh an múinteoir meánscoile Niamh Ní Dhrisceoil ar Chléire in Iarthar Chorcaí, an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn. Tá sé suite 8 míle amach ó Dhún na Séad agus bíonn 147 duine ina gcónaí ann ó cheann ceann na bliana. Tá Niamh ina cónaí i mBaile an Chollaigh ar imeall Chathair Chorcaí le roinnt blianta anuas agus is ansin atá sí ag obair ina múinteoir meánscoile ach mealltar ar ais í chuig an oileán baile sin beagnach gach deireadh seachtaine agus saoire. Bhí baint ag an bhfarraige i gcónaí lena saol ó baisteadh an leasainm the Lifeboat Baby uirthi nuair a rugadh í ach cosúil le gach teaghlach a chónaíonn agus a oibríonn feadh an chósta, bhásaigh daoine muinteartha le muintir Uí Dhrisceoil freisin ar muir...

Dr Eoin McCarthy Deering works as a locum GP all around Ireland, but his true passion in life is surfing. He is one of Ireland’s most experienced surfers and has tackled some of the biggest waves in the world. He’s represented Ireland in international competitions and has surfed spectacular waves in places like Indonesia, Iceland, California, Barbados and the Azores. Eoin has often felt the brutal force of the ocean, and he knows personally how dangerous the sea can be. A few years ago, he was surfing in Sligo with friends, when he fell off a powerful wave and was lucky to escape with his life.

This new series for RTÉ One invites viewers to immerse themselves in the beauty and power of the sea through the personal testimonies of three people for whom the sea is not just a calling but a way of life.

Oibríonn an Dr. Eoin McCarthy Deering ina Dhochtúir Ginearálta Ionaid ar fud na hÉireann ach is sa surfáil atá a chroí agus a anam. Tá sé ar dhuine de na surfálaithe is mó taithí in Éirinn agus tá aghaidh tugtha aige ar roinnt de na maidhmeanna is mó ar domhan. Rinne sé ionadaíocht ar son na hÉireann ag comórtais idirnáisiúnta agus tá maidhmeanna móra surfáilte aige in áiteanna amhail an Indinéis, an Íoslainn, California, Barbadós agus na hAsóir. Is minic a airíonn Eoin fórsa géar an aigéin agus tá a fhios aige féin an dainséar a bhaineann leis an bhfarraige. Bhí sé ag surfáil i Sligeach in éineacht lena chuid cairde cúpla bliain ó shin nuair a thit sé de mhaidhm chumhachtach. Bhí an t-ádh air gur tháinig sé slán.

Tugtar cuireadh sa tsraith nua seo do RTÉ One don lucht féachana iad féin a thumadh san áilleacht agus sa chumhacht a bhaineann leis an bhfarraige trí fhianaise phearsanta a fháil ó thriúr. Tá níos mó i gceist leis an bhfarraige don triúr seo seachas gairm, is gnáthchuid den saol atá inti.

Mealladh na Mara begins at 7pm on Tuesday July 11th on RTÉ One and RTÉ Player.