skip to main content

Suaimhneas of the Sea: Mealladh na Mara

Labhair muid le Conall Ó Domhnaill a bheidh le feiceáil sa chlár Mealladh na Mara, amárach, Dé Máirt ag 7pm ar RTE ONE, faoina chaidreamh leis an bhfarraige ar feadh a shaoil.

Cé gur fhás Conall aníos i lár tíre i gcontae na Mí, bhí ceangail láidir aige leis an trá agus ach go háirithe leis an bhfarraige ó bhí sé ina bhuachaill óg. Tháinig a theaghlach go Baile Ghib i gContae na Mí as Rann na Feirste sna 30í, nuair a bogadh daoine ó Chonamara agus ó Dhún na nGall go Rath Chairn agus Baile Ghib. Théadh Conall agus a theaghlach ar ais go iarthuaisceart Dhún na nGall gach samhradh, áit ar chaith sé a chuid laethanta cois farraige, ag snámh agus ag piocadh sliogán.

Conall Ó Domhnaill is a retired teacher and search and rescue diver, who has been fascinated with the sea since his childhood. Even though he grew up in Co Meath, Conall spent most summers on the beaches in Donegal, where his father hailed from. Since then, he always dreamt of scuba diving, and in his early 20s he was finally able to fulfil that childhood dream.

Conall has now been diving for over 40 years. As a recreational diver he has explored most of the Irish coastline, but it is still a magical experience for him. Conall is also a highly qualified and experienced search and rescue diver with the Grainne Uaile Subaqua Club in Mayo.

Conall Ó Domhnaill

Cé go bhfuil go leor daoine in Éirinn cosúil le Conall sa tír seo, deir sé gur aithin sé gur mhéadaigh an spéis a bhí ag daoine san fharraige cuid mhór le linn na paindéime. Tá sé anois ina chónaí cois cósta i gContae Mhaigh Eo agus tá club seoltóireachta, grúpaí snámha agus daoine ag baint suilt agus suaimhnis as an uisce gach aon lá.

Thosaigh Conall ar a aistear tumadóireachta sa bhliain 1980 agus grá mór aige fós don domhan fothoinn. Tá suaimhneas agus spás le brath faoin uisce nach bhfuil ar fáil in áiteanna eile, a deir sé. Agus é ag dul ar saoire, is é an masc agus an trealamh a bhaineann leis a théann isteach sa mhála sula dtéann aon ní eile, a deir sé.

Mealladh na Mara starts tomorrow, Tuesday, 7pm on RTÉ ONE